Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 26:49 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

49 Agus láithreach tháinig sé chun Íosa, agus dubhairt: Go mbeannuighthear duit a Mháighistir. Agus thug sé póg dó.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

49 Agus ní dhearna sé aon mhoill ag teacht aníos chuig Íosa agus dúirt sé, “Fáilte romhat, a mháistir!” agus thug sé póg dó.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

49 Agus ar an bhall tháinic sé chuig Íosa, agus dubhairt: Go mbeannuighthear duit, a Rabbi. Agus phóg sé é.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

49 Agus ar an láthair tháinig sé chum Íosa, agus adubhairt sé.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

49 Agus ar an mball a núair tháinic sé chum Iósa, a dubhairt sé, Go mbeannuighthear dhuit, a mhaighisdir; agus tug sé póg dhó.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

49 Rinne sé anonn ar Íosa díreach gan stad, agus “Is é do bheatha, a Raibí!” ar seisean, agus phóg sé é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

49 Rinne sé anonn ar Íosa díreach gan stad, agus “Sé do bheatha, a Raibí!” ar seisean, agus phóg sé é.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 26:49
15 Tagairtí Cros  

Agus fáiltiú dhóibh i n-áit an mhargaidh, agus go dtabharfadh na daoine Rabbí ortha.


Ach ná tugtar Rabbí oraibh-se: óir is aoinne amháin atá ’n-a Mháighistir oraibh, agus is bráithre sibh go léir.


Ansan, do fhreagair Iúdás, an fear a dhíol é, agus dubhairt: An mise é, a Máighistir? Dubhairt sé leis: Dubhraís é.


An fear a bhrath é, ámhthach, thug sé cómhartha dhóibh; dubhairt sé leó: An t-é go dtabharfad-sa póg dó, siné é; gabhaidh greim air.


Agus chromadar ar bheannú dhó: Go mbeannuighthear duit, a rí na n-Iúdach.


Níor thugais-se póg dom; ach ó tháinig sí seo isteach níor stad sí ach ag pógadh mo chos.


Agus thagaidís chuige agus deiridís: Go mbeannuighthear duit, a rí na n-Iúdach; agus do bhuailidís dóirne air.


Ach sa n-am gcéadna d’iarradar a dheisgiobuil air, agus dubhradar: A Máighistir, ith rud.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí