Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 26:29 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

29 Deirim libh, ámhthach: Ní ólfad airís de’n toradh so na fíneamhna go dtí an lá san ’n-a n-ólfad é go nua mar aon libh-se i rígheacht m’Athar.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

29 Táim ag insint daoibh nach n‑ólfaidh mé an toradh seo na fíniúna arís go dtí go n‑ólfaidh mé nua é in bhur gcuideachta i ríocht mʼAthar.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

29 Agus deirim libh, ní ólfaidh mé feasta de’n toradh seo na fíneamhna, go dtí an lá sin nuair a ólfas mé go nua mar aon libh-se é i ríoghacht m’Athar.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

29 Acht adeirim libh, Ní ólfad feasta de’n toradh so na fíneamhna go dtí an lá sin ’n‐a n‐ólfad go nua é mar aon libh‐se i ríoghacht m’Athar.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

29 A deirim ribh, Uadh só súas ni íobha mé don toradhsa na fíneamhna, go soithe an lá úd an a niobha mé é go nuá máille ribhsi a rioghachd Mathar.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

29 Deirim libh, ní ólfaidh mé as seo amach de shú seo na fíniúna go dtí an lá sin a n-ólfaidh mé ina fhíon nua libh-se é i Ríocht mʼAthar.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

29 Deirim libh, ní ólfaidh mé as seo amach den sú seo na fíniúna go dtí an lá sin a n‑ólfaidh mé ina fhíon nua libhse é i ríocht m'Athar.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 26:29
31 Tagairtí Cros  

Ansan beid na fíoraoin ag taithneamh ar nós na gréine i rígheacht a n-Athar. An t-é go bhfuil cluasa air chun éisteachta, éisteadh sé.


Go deimhin adeirim libh, tá cuid d’á bhfuil ’n-a seasamh anso agus ní bhlaisfid siad bás go bhfeicfid siad Mac an Duine ag teacht ’n-a rígheacht.


Óir, an áit ’n-a bhfuil beirt nó triúr cruinnighthe am’ ainm-se, táim-se ansan ’n-a measg.


Ansan déarfaidh an Rí leis an muintir a bheidh ar a láimh dheis: Téanaidh, a dhaoine beannuighthe le m’Athair, agus sealbhuighidh an rígheacht atá ollamh daoibh ó chruithniú an domhain:


Óir is í mo chuidh fola, fuil an tiomna nua, í seo a doirtfar ar son a lán chun peacaí do mhaitheam.


Agus tar éis himna do rádh dhóibh, chuadar amach go cnoc Olibhet.


Agus teagaisgidh iad chun gach ar órduigheas-sa dhaoibh do choimeád: agus féach, táim-se i nbhúr bhfochair tríd na laethanta go léir, go dtí críochnú an tsaoghail.


Go deimhin adeirim libh, ná h-ólfad feasda de’n toradh so na fíneamhna go dtí an lá san ’n-a n-ólfad nua é i rígheacht Dé.


Ná bíodh eagal oraibh, a thréad bheag, óir isé toil bhúr n-Athar an rígheacht a thabhairt daoibh.


Ach ba chóir súbhachas agus gáirdeachas a dhéanamh, óir bhí do dhritháir anso marbh, agus tá sé beó airís; bhí sé caillte, agus do fuaradh é.


Do labhras na neithe sin libh ionus go mbeadh m’áthas-sa ionaibh, agus go mbeadh bhúr n-áthas-sa iomlán.


Sin mar atá buaireamh oraibh-se anois, ach chífead-sa sibh airís, agus beidh áthas ar bhúr gcroidhe; agus ní bhainfidh aoinne bhúr n-áthas díbh.


Ach anois táim ag teacht ag triall ort-sa; agus tá an chaint seo agam ’á rádh ar an saoghal, ionus go mbeadh acu, iomlán ionta féin, an t-áthas is liom-sa.


Ní do’n phobul go léir, ach d’fhínnithibh a bhí ceapaithe ag Dia roim ré: dúinne, a chaith bia agus deoch n’fhochair tar éis éirighthe dhó ós na mairbh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí