Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 22:30 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

30 Óir sa n-aireirighe ní pósfar ná ní tabharfar le pósadh, ach beid siad cosmhail le h-aingealaibh Dé ar neamh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

30 Mar san aiséirí ní bhíonn pósadh ná cleamhnas ann, ach bíonn siad mar aingil i bhflaitheas Dé.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

30 Óir san eiséirghe ní phóstar ná ní thabhartar le pósadh, acht béidh siad mar aingle Dé ar neamh.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

30 Óir san aiséirge ní póstar daoine, ná ní tugtar le pósadh iad, achth bíonn siad cosmhail le h‐ainglibh Dé ar neamh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

30 Oír ann sa neiséirghe ní thabhruid fir mná, agus ní tugthar mná dfearaibh, achd a táid síad mar ainglibh Dé ar neamh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

30 Óir, san aiséirí, ní bheidh fir ag pósadh ná mná dá dtabhairt le posadh, ach beidh siad ar nós aingil Dé ar Neamh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

30 Óir, san aiséirí, ní bheidh fir ag pósadh ná mná á dtabhairt le posadh, ach bíonn siad ar nós aingeal Dé ar neamh.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 22:30
14 Tagairtí Cros  

Ansan beid na fíoraoin ag taithneamh ar nós na gréine i rígheacht a n-Athar. An t-é go bhfuil cluasa air chun éisteachta, éisteadh sé.


Tugaidh aire gan neamhshuím a dhéanamh d’aoinne de’n mhuintir bheag san, mar deirim libh go bhfuil radharc do shíor agá n-aingealaibh sin ins na flathais, ar ghnúis m’Athar-sa, atá ins na flathais.


Ach, i dtaobh aiseirighe na marbh, nár léigheabhair an rud adubhairt Dia, mar a ndeir sé libh:


Mar a bhíodar ins na laethanta roimis an ndílinn ag ithe agus ag ól, ag pósadh agus ag tabhairt le pósadh, díreach go dtí an lá ’na ndeaghaidh Nóe isteach sa n-arc,


Bhíodar ag ithe agus ag ól, ag pósadh ban agus ag tabhairt ban le pósadh, go dtí an lá ’n-ar chuaidh Nóe isteach sa n-áirc; agus tháinig an díle agus do bháidh sí iad go léir.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí