Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 21:21 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

21 Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt sé leó: Go deimhin adeirim libh, má bhíonn creideamh agaibh, agus ná staonfaidh sibh, déanfaidh sibh, ní h-amháin an nídh seo an chrainn fíge, ach má deireann sibh leis an gcnoc so, Tóg agus caith thu féin isteach sa bhfaraige, déanfar é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

21 Agus dʼfhreagair Íosa iad, “Deirim go fírinneach libh, má bhíonn creideamh agaibh agus má bhíonn sibh gan drochamhras, ní dhéanfaidh sibh an ní seo amháin a rinn­eadh leis an gcrann fige, ach go fiú má deir sibh leis an sliabh seo, ‘Tógtar in airde thú agus caitear amach san fharraige thú,’ go ndéanfar amhlaidh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

21 Agus dubhairt Íosa leo, ghá bhfreagairt: Amén adeirim libh, má bhíonn creideamh agaibh, agus gan amhras a ghlacadh, dhéanfaidh sibh ní amháin dálta an chrainn fhíge, acht fosta má deir sibh leis an tsliabh seo: Tóg ort agus caith thú féin isteach san fhairrge, dhéanfar é.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

21 Agus nuair do‐chonnaic na deisceabail é, tháinig iongnadh mór ortha, agus adubhradar, Cionnas d’fheogh an crann fige chómh luath sin? Agus d’fhreagair Íosa agus adubhairt sé leo, Go fírinneach adeirim libh, Má bhíonn creideamh agaibh, gan amhras bheith oraibh, do‐ghéanaidh sibh, ní h‐é amháin a ndearnadh do’n chrann fige, acht má deir sibh leis an sliabh so, Tógtar agus teilgthear isteach sa bhfairrge thú, déanfar é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

21 Agus ar bhfreagra Diósa a dubhairt sé riu, A deirim ribh go firinneach, Má bhíonn creideamh agaibh, agus nach ccuirfithí cunntabhairt ann, ni hé a mháin a nísi thárla don chrann fíge do dhéantháoi, achd mar an gcéadna má a deartháoi ris an tslíabhso, Tógthar thú, agus teilgthear ann sa bhfairge thú; bíaidh sin deanta.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

21 Dúirt Íosa leo dá bhfreagairt: “Deirim libh go fírinneach, má bhíonn creideamh agaibh agus gan a bheith in amhras faoi, ní hé beart seo an chrainn figí amháin a dhéanfaidh sibh, ach fós, má deir sibh leis an sliabh seo: ‘Éirigh suas agus déan tú féin a chaitheamh sa bhfarraige’, déanfar sin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

21 Dúirt Íosa leo á bhfreagairt: “Deirim libh go fírinneach, má bhíonn creideamh agaibh agus gan bheith in amhras faoi, ní hé an beart seo amháin an chrann fígí a dhéanfaidh sibh, ach fós, má deir sibh leis an sliabh seo: ‘Éirigh suas agus déan tú féin a chaitheamh san fharraige’, déanfar sin.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 21:21
9 Tagairtí Cros  

Agus dubhairt seisean: Tar chúgham. Agus tháinig Peadar anuas as an luing, agus bhí sé ag siúbhal ar bhárr uisge, ag teacht chun Íosa.


Ach ní curtar amach an sórd so ach le h-úrnuighthe agus le trosgadh.


Agus chonaic na deisgiobuil san, agus bhí iongnadh ortha, agus deiridís: Conus a d’fheóch sé chómh tapaidh?


Agus caithfar clann na rígheachta amach sa dorchadas atá amuigh, mar a mbeidh gol agus díosgán fiacal.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí