Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 20:14 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

14 Seo, tóg leat do chuid agus imthigh; ach is toil liom oiread a thabhairt do’n fhear so is déanaighe a tháinig agus atá agam ’á thabhairt duit-se.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

14 Tóg a bhfuil ag teacht chugat agus siúil leat; thogair mé an méid céanna a bhronnadh ar an duine deiridh seo is a thug mé duitse.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

14 Glac do chuid, agus bog leat: is é mo thoil a oiread a thabhairt do’n duine seo is deireannaighe a tháinic agus atá mé a thabhairt duit-se.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

14 Tóg leat do chuid féin agus bí ag imtheacht; is toil liom an oiread céadna do thabhairt do’n duine seo is deireannaighe tháinig, agus thugas duit‐se.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

14 Tógaibh leachd do chuid féin, agus imthigh: a si mo thoilsi a thabhairt don tési tháinic fa dheireadh, mar thug mé dhuitsi.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

14 Tóg a bhfuil ag dul duit agus imigh. Ach is áil liom-sa a oiread a thabhairt don fhear deireanach seo agus a thugaim duit.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

14 Tóg a bhfuil ag dul duit agus imigh. Ach is áil liomsa oiread a thabhairt don fhear deireanach seo agus a thugaim duit.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 20:14
13 Tagairtí Cros  

Do labhair seisean le duine acu, agus dubhairt; a dhuine mhuinteartha, ní’l aon éagcóir agam ’á dhéanamh ort. Nách ar phingin a réidhtighis liom?


An amhlaidh nách dleaghthach dom an nídh is toil liom a dhéanamh? An droch-shúil atá agat, óir is duine fóghanta mise?


Agus nuair a bheidh sibh ag déanamh trosgaidh ná bídhidh gruamdha ar nós na bhfeallairí; óir doirchighid siad a gceannacha, i dtreó go samhlóchadh na daoine iad a bheith ag déanamh trosgaidh. Go deimhin adeirim libh, tá a dtuarasdal fághalta acu.


D’á bhrígh sin, nuair a bheidh déirc agat ’á dhéanamh ná bíodh adharc d’á séideadh rómhat amach agat, mar a bhíonn ag na feallairíbh ins na sinagógaibh agus ar na sráidibh, i dtreó go dtabharfadh na daoine onóir dóibh. Go deimhin adeirim libh, tá a dtuarasdal fághalta acu.


Ach nuair a dhéanfair-se úrnuighthe, eirigh isteach ad’ sheómra agus dún an dorus, agus cuir do ghuidhe chun t’Athar fé cheilt, agus tabharfaidh t’Athair, a chíonn fé cheilt, do thuarasdal duit.


Dubhairt seisean leis ámhthach: A mhic, taoi-se am’ fhochair i gcómhnuighe, agus is leat a bhfuil agam;


Agus dubhairt Ábraham leis: Cuimhnig, a mhic, conus mar a fuarais-se neithe fóghanta i gcaitheamh do bheatha agus go bhfuair Lasarus droch-neithe; ach anois tá sé seo i sólás agus tusa i bpéin.


Fé mar a thugais dó cómhacht os cionn gach feóla, ionus, gach ar thugais dó, go dtabharfadh sé dhóibh beatha shíoruidhe.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí