Matha 19:13 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)13 Ansan do tugadh chuige aos óg, go ndéanfadh sé a lámh do chur ortha agus guidhe; agus bhí na deisgiobuil ghá gcosg. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)13 Tugadh leanaí chuige ansin ionas go leagfadh sé a lámha orthu, agus go ndéanfadh sé guí. Chros na deisceabail ar na daoine sin a dhéanamh; Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara13 Annsin tugadh páistí beaga chuige, chun go gcuireadh sé a lámha ortha agus go nguidheadh sé. Agus bhí na deisciobail ghá gcosc. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)13 Annsin tugadh chuige leanbhaí beaga, chum go gcuirfeadh sé a lámha ortha, agus go nguidhfeadh sé ortha: agus do chuir na deisceabail cosc leo. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)13 Tugadh chuige an tráthsin leinibh beagam, do chum go gcuirfeadh sé a lámha orrtha, agus go ndéanadh sé urnuighe: agus do spreagadar na deisciobuil íad. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201213 Tugadh leanaí chuige ansin chun go gcuirfeadh sé a lámha orthu ag déanamh guí, ach chuir na deisceabail ceartú orthu. Féach an chaibidilAn Bíobla Naofa 198113 Thug siad leanaí chuige ansin chun go gcuirfeadh sé a lámha orthu ag déanamh guí, ach chuir na deisceabail ceartú orthu. Féach an chaibidil |