Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 5:12 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

12 Agus bhí sé i gceann de sna cathrachaibh, agus féach, tháinig duine a bhí lán de lobhra, agus nuair a chonaic sé Íosa do chaith sé é féin ar a bhéal a’s ar a aghaidh, agus ghuidh sé é, agus dubhairt: A Thighearna má’s toil leat é is féidir duit mé ghlanadh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

12 Nuair a bhí sé i gcathair de na cathracha, tháinig chuige fear lomlán de lobhra; agus ní luaithe a chonaic sé Íosa ná thit sé ar a bhéal roimhe gur iarr dʼimpí air, “A Thiarna,” ar seisean, “is féidir leat mé a dhéanamh glan má thoilíonn tú é.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

12 Agus thárla, nuair a bhí sé i gcionn de na cathracha, féach, fear lán de lobhra, ar fheiceáil Íosa dó, chaith sé é féin síos ar a aghaidh agus ghuidh sé é, ag rádh: A Thighearna, má’s toil leat, tig leat mé a dhéanamh glan.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

12 Agus tharla, nuair do bhí sé i gceann de na cathrachaibh, féach, fear do bhí lán de lobhra; agus ar fheicsin Íosa dhó, do thuit sé ar a aghaidh roimhe, agus do chuir sé athchuinghe air, g‐á rádh, A Thighearna, má’s toil leat é, is féidir leat mise do ghlanadh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 Agus tárla, an tan do bhí sé a ccathruigh áirighe, féuch óglach lán do lubhra: agus ar bhfaicsin Iósa dhó do leig sé é féin síos ar aghaidh, agus do ghuidh sé é, a rádh, A Thighearna, más toil leachd é, is éidir leachd misi do ghlanadh

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

12 I gcathair áirithe dó, tharla fear ann a bhí lán de lobhra: agus ar fheiceáil Íosa dó, chaith sé é féin ar a bhéal agus rinne impí air dá rá: “A Thiarna, más áil leat é, is féidir duit mé a ghlanadh.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

12 I gcathair áirithe dó, tharla fear ann a bhí lán de lobhra: agus ar fheiceáil Íosa dó, chaith sé é féin ar a bhéal agus rinne impí air á rá: “A Thiarna, más áil leat é, is féidir duit mé a ghlanadh.”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 5:12
27 Tagairtí Cros  

Ach nuair a bhí Íosa i mBetánia, i dtigh Shímóin, an lobhar,


Agus nuair a tháinig sé chun an tighe tháinig na daill chuige. Agus dubhairt Íosa leó: An gcreideann sibh gur féidir dom an nídh seo a dhéanamh daoibh? Dubhradar leis: Creidimíd, a Thighearna.


Agus d’iarr sé achainíghe air, agus dubhairt: Tá m’inghean ag dul chun báis; tar agus cuir do lámh uirthi ionas go leighisfí í agus go mairfeadh sí.


Agus chaith sé é féin ar a bhéal a’s ar a aghaidh ag cosaibh Íosa ag gabhail a bhuidheachais leis, agus Samaritánach dob’ eadh é.


Agus do shin sé a lámh agus chuir sé air í, agus dubhairt: Is toil; glantar thú. Agus d’imthigh an lobhra dhe láithreach.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí