Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 24:33 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

33 Agus d’eirigheadar láithreach agus thánadar thar n-ais go Ierúsalem; agus fuaradar an t-aoinne déag i bhfochair a chéile, agus a raibh i n-aonfheacht leó,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

33 Agus dʼéirígh siad ar an nóiméad gur fhill siad ar Iarúsailéim; gur tháinig ar an aon duine dhéag agus a raibh leo agus iad cruinnithe le chéile,

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

33 Agus ag éirghe dóibh an uair chéadna sin, phill siad go h-Ierusalem, agus fuair siad an t-aon fhear déag, agus an mhuinntir a bhí ina gcuideachta, cruinnighthe le chéile,

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

33 Agus d’éirigheadar an uair chéadna sin, agus d’fhilleadar go h‐Iarúsalem, agus fuaradar an t‐aon duine déag, agus iad‐san do bhí i n‐éinfheacht leo i bhfochair a chéile,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

33 Agus ar néirghe dhoibh ar a núairsin féin, dfilleadar go Híarusalém, agus fúaradar an téinfhear deúg cruinn a bhfochair a chéile, agus an dream do bhí maille ríu,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

33 Chuir siad chun bóthair an uair sin féin agus chuaigh ar ais go hIarúsailéim. Fuair siad an t-aon duine dhéag agus a gcompánaigh bailithe le chéile

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

33 Chuir siad chun bóthair an uair sin féin agus chuaigh ar ais go Iarúsailéim. Fuair siad an t‑aon duine déag agus a gcompánaigh bailithe le chéile

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 24:33
4 Tagairtí Cros  

Agus thánadar san agus d’innseadar do’n chuid eile é; agus níor chreideadar iad ach chómh beag.


Bhíodar san go léir ag leanmhaint do thoil a chéile i n-úrnuighthe mar aon leir na mnáibh agus le Muire Máthair Íosa agus le n-a bhráithribh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí