Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 24:25 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

25 Agus dubhairt sé féin leó: Ó, a dhaoine dalla dúr-chroídheacha chun gach nídh adubhairt na fáidhe do chreideamhaint.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

25 Agus ar seisean leo, “A dhaoine amaideacha, atá ró-mhallintinneach leis an rud sin a chreidiúint atá ráite ag na fáithe uile!

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

25 Agus dubhairt seisean leo: A dhaoine gan chéill agus a lucht ar mall an croidhe ionnaibh chun creidbheáil i ngach nídh dár labhair na fáidhe.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

25 Agus adubhairt sé leo, A dhaoine díchéillidhe, dúr‐chroidheacha chum gach a ndubhairt na fáidhe do chreideamhain!

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

25 Agus a dubhairt seision riu, O a dhaoine amadánach agus mallchroidhtheach chum creidmhe dá gach éinni dar labhradar na fáighe!

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

25 Ansin dúirt sé féin leo: “A dhaoine gan tuiscint atá dúr ó chroí chun a bhfuil ráite ag na fáithe a chreidiúint!

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

25 Ansin dúirt sé féin leo: “A dhaoine gan tuiscint atá dúr ó chroí chun a bhfuil ráite ag na fáithe a chreidiúint!

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 24:25
9 Tagairtí Cros  

Tá Mac an Duine ag imtheacht, fé mar atá sgríobhtha ’n-a thaobh; ach is mairg do’n fhear san tré a ndéanfar Mac an Duine do dhíol. Ba mhaith an rud do’n fhear san gan é teacht riamh ar an saoghal.


Fé dheire, bhí an t-aoinne déag acu ’n-a suidhe i bhfochair a chéile, agus thaisbeáin sé é féin dóibh; agus do chas sé leó a ndíthchreideamh agus a ndúrchroidhe, toisg nár chreideadar an mhuintir a chonaic go raibh sé tar éis aiseirighe.


Agus dubhairt sé leó: Agus an bhfuil sibh-se leis gan breitheamhantas mar sin? Ná tuigeann sibh, pé rud a théigheann isteach sa duine ó’n dtaobh amuigh nách féidir do an duine shailiú,


Agus thugadar chuige é. Agus chómh luath agus chonaic sé é d’oibrigh an deamhan ann, agus thuit sé ar an dtalamh ’ghá iomlosg féin agus cúbhar leis.


Agus d’imthigh daoine uainn go dtí an tuama agus fuaradar neithe mar adubhairt na mná, ach ní bhfuaradar é féin.


Cuardaightear na scriptiúirí, óir is dóigh libh gur ionta atá beatha shíoruidhe le fagháil; agus isiad san a thugann fiadhnaise am’ thaobh-sa.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí