Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 5:7 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Agus a cclann, noch do thóg sé súas na náit, do thimchillghéarr Iosua íad: óir do bhádar gan timchillghearradh, do chionn nar thimchillghearradair íad ar a tslighe.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

7 Is iad a gclann dá bhrí sin, an mhuintir a thóg sé ina n‑áit, a thimpeallghearr Iósua; bhíodarsan gan timpeallghearradh mar nár timpeallghearradh iad ar an tslí.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 5:7
5 Tagairtí Cros  

Agus a dubhradur ríu, Ní fhéadmáoidne an ní si a dhéanamh, ar nderbhshíur do thabhairt do neach nach bhfuil timchillghéarrtha; óir do budh masla dhúinn sin.


Ach bhur náoidhin, a dubhrabhair do bheith na gcreích, béara mé íad sin a steach, agus aitheonuid síad an fearann noch do tharcuisnígheabhairsi.


Os a chionn sin bhur ndáoine beaga, noch a dubhrabhair a bheith na ccreich, agus bhur cclann, ag nach raibh fios uilc nó maitheasa san ló sin, rachuid siadsion ann a steach, agus is dóibhsion do bhéura mé é, agus sealbhochuidh síad é.


Oír do shiubhluigheadar clann Israel san bhfásach ceathrachad blíadhan, nó gur éugadar uile an luchd cogaidh, tháinic amach as an Négipt, do chionn nár úmhluigheadar do ghuth an TIGHEARNA: da ttug an TIGHEARNA mionna nach ttaisbéanfadh sé dhoibh an fearann, noch do mhionnuigh an TIGHEARNA dá naithribh go ttiubhradh sé dhuinn, dúithche noch thuiltighios lé bainne agus lé mil.


Agus tárla, a núair do chríochnuigheadar an timchillghearradh ar an bpobal uile, gur fhanadar ar a náitibh ansa ccampa, nó go rabhadar slán.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí