Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 5:6 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Oír do shiubhluigheadar clann Israel san bhfásach ceathrachad blíadhan, nó gur éugadar uile an luchd cogaidh, tháinic amach as an Négipt, do chionn nár úmhluigheadar do ghuth an TIGHEARNA: da ttug an TIGHEARNA mionna nach ttaisbéanfadh sé dhoibh an fearann, noch do mhionnuigh an TIGHEARNA dá naithribh go ttiubhradh sé dhuinn, dúithche noch thuiltighios lé bainne agus lé mil.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

6 Mar bhí clann Iosrael ar guardal san fhásach ar feadh daichead bliain nó go raibh an pobal go léir tar éis bháis, na fir go léir is é sin, a tháinig as an Éigipt amach a bhí in aois airm a iompar, mar níor éisteadar le glór an Tiarna; thug an Tiarna mionn dóibhsean nach ligfeadh sé dóibh go deo radharc a fháil ar an tír a mhionnaigh an Tiarna dá n‑aithreacha a thabharfadh sé dóibh, tír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 5:6
20 Tagairtí Cros  

Do bhádar ar seachrán annsa bhfásach a slighe uáignidh; caithreacha áitreibhthe ní bhfúaradar.


Agus a dubhairt mé, Béura mé súas sibh as buaidhreadh na Hégipte, go fearann na Gcanaaniteach, agus na Hitíteach, agus na Namoríteach, agus na Bperisiteach, agus na Nibhíteach, agus na Iebusíteach; go tír do bheir tuile bhainne agus mheala.


Agus tháinic mé a nuas dá sáoradh as lámhuibh na Négiptach, agus dá mbreith súas as an tír sin, go fearann maith fairsing, go fearann do bheir tuile bhainne agus mheala; go háit na Ccanaaniteach, agus na Hititeach, agus na Iebusiteach, agus na Namoríteach, agus na Bperisíteach, agus na Hibhiteach.


Eírigh agus éigh a cclúasaibh Ierusalem, gha rádh, Is marso a deir an TIGHEARNA; cuimhnighim dhuit cinéul hóige, grádh do dhála, a nuáir do chuáidh tú am dhiáigh annsa bhfásach, a bhfearann nach ar cuireadh.


Acht fós do thóig mé súas mo lámh dhóibh annsa bhfásach, go nach ttugainn íad don tír thug mé dhóibh, ag tuiliughadh do bhainne agus do mhil, noch isé glóir na nuile fhearann;


Annsa ló ar thóig mé súas mo lámh chuca, dá ttabhairt as crích na Hégipte go dúthaigh do bhraith mé dhóibh, ag tuiliughadh do bhainne agus do mhil, noch asé glóir na nuile fhearann:


¶ Agus tiucfuidh a ccrích annsa ló sin, go filfid na sléibhthe fíon núadh a núas, agus líonfuid na cnoic le bainne, agus tuileochuid uile shrotha Iúdah le huisgeadhuibh, agus tiucfuidh tobar amach as tigh an TIGHEARNA, agus fliuchfuidh sé gleann Shittim.


Go déimhin ní fhaicfid siad an dúthaigh da gheall mé dá naithribh, ní fhaicfidh éainneach dhíobhso dar chuir fearg oram é:


¶ Síadso do háirmheadh lé Maóise agus le Heleásar an sagart, noch do chomháirimh clann Israel a réitibh Mhoab ag Iordan a bhfogus do Iérico.


Agus tárla annsa cheathrachdmhadh blíadhan san néanmhadh mí déug, ar an ccéad lá don mhí, gur labhair Maóise re cloinn Israel, do réir a nuile ní do labhair an TIGHEARNA ris do aithne dhíobhsan;


Agus na laéthe iona ttangamar ó Chades‐barnea, nó go ndeachamar tar abhuinn Shered, ba hochd mbliadhna déug air fhithchid íad; nó gur leaghadar a nuile gheinealach don luchd cogaidh a measc an tslóigh, mar do mhionnuígh an TIGHEARNA dhóibh.


Oír do bheannuigh an TIGHEARNA do Dhía thusa ann uile oibreach do láimhe: atá fios bhur naistier aige thríd an bhfásach mhórsa: do bhi an TIGHEARNA do Dhía an dá fhichthid blíadhanso maille riot; ní raibh easbhaidh ar bith ort.


Níor chríon héadach iomat, ní mo do at do chos, an dá fhichiod bhlíadhanso.


Ionnus go dtug mé mionna um fheirg, Nách rachdáois a steach am shuáimhnios.


Bí láidir agus lánchródha: óir roinnfe tú ar an bpobalsa maroighreachd an fearann, do gheall mé dá naithribh do thabhairt dóibh.


Agus a núair déighmheadar ar an TTIGHEARNA, do chuir sé dorchadas eadruibhsi agus na Hégiptigh, agus thug sé a nfairge ar a muinsion, agus do mhúch se íad; agus do choncadar bhur súile íad do rinne me san Egipt: agus do chomhnuigheabhairsi an sa bhfásach aimsir fhada.


Annois an mhéid dáoine tháinic amach do thimchillghearradh íad: achd an mhéid dáoine rugadh san bhfásach ar a tslighe mar thangadar amach as an Négipt, níor thimchillghearradar íad sin.


Agus a cclann, noch do thóg sé súas na náit, do thimchillghéarr Iosua íad: óir do bhádar gan timchillghearradh, do chionn nar thimchillghearradair íad ar a tslighe.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí