Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Títeas 3:13 - An Bíobla Naofa 1981

13 Tabhair do d'aire go gcuirfear Zaenas dlíodóir agus Apollós chun siúil agus nach mbeidh aon ní in easnamh orthu.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

13 Déan do dhícheall leis an mbealach a réiteach roimh Shenas an dlíodóir agus Apollós nuair a imeos siad; agus tabhair aire dó nach mbíonn easpa ar bith orthu.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

13 Seol Sénas, dligheadóir, agus Apollos go h‐aireach ar a n‐aistear rómpa, chum nach mbéidh rud ar bith i n‐easnamh ortha.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

13 Seól uáid go dúthrachdach sa tslíghe Sénas an fear dlighe agus Apollos, ar ghléus nách mbiáidh uireasbhuidh éinneithe orrtha.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

13 Tabhair do dʼaire go gcuirfear Zaenas dlíodóir agus Apallós chun siúil agus nach mbeidh aon ní in easnamh orthu.

Féach an chaibidil Cóip




Títeas 3:13
15 Tagairtí Cros  

agus duine acu, a bhí ina dhlíodóir, chuir sé ceist air ag baint trialach as:


D'éirigh dlíodóir ina sheasamh agus dúirt leis, á phromhadh: “A Mháistir, cad tá le déanamh agam chun go mbeinn páirteach sa bheatha shíoraí?”


Ach labhair duine de na dlíodoirí: “Ag caint mar sin duit, a Mháistir,” ar sé, “tugann tú easmailt dúinne freisin.”


Is mairg daoibh, dlíodoirí, óir rug sibh libh eochair an eolais; ní dheachaigh sibh féin isteach, agus iad seo a bhí ag dul isteach, chuir sibh cosc leo.


Labhair Íosa leis na dlíodóirí agus leis na Fairisínigh: “An dleathach leigheas a dhéanamh lá saboide,” ar sé, “nó an mídhleathach?”


Na Fairisínigh, áfach, agus na dlíodóirí, nuair nár ghlac siad baisteadh uaidh, chuir siad ar neamhní an rud ab intinn le Dia dóibh.


Rinne an Eaglais iad a thionlacan chun bealaigh, agus ag gabháil dóibh trí Fhéinice agus tríd an tSamáir, d'aithris siad dóibh mar a bhí na págánaigh ag iompú chun Dé, scéal a chuir ardáthas ar na bráithre go léir.


Tháinig go hEifeasas Giúdach darbh ainm Apollós. Alastraíneach ba ea é ó dhúchas, é dea-labhartha agus sároilte ar na scrioptúir.


Le linn d'Apollós bheith i gCorant, bhí Pól ag taisteal trí na críocha intíre nó gur tháinig sé go hEifeasas. Fuair sé roinnt deisceabal ansiúd roimhe


Ach nuair a bhí na laethanta caite againn, ghluaiseamar chun bealaigh agus iad go léir agus a gcuid ban agus páistí dár dtionlacan nó go rabhamar lasmuigh den chathair. Chuamar ar ár nglúine ar an trá ag guí,


Is iomaí comhartha ómóis a thug siad dúinn agus nuair a bhíomar ag imeacht chuir siad ar bord chugainn gach a raibh de dhíth orainn.


nuair a bheidh mé ag dul chun na Spáinne, tá súil agam go bhfeicfidh mé sibh agus mé ar mo bhealach anonn, agus go ndéanfaidh sibhse mé a thionlacan ar aghaidh ann, tar éis dom tamall aoibhnis a thabhairt in bhur gcuideachta ar dtús.


Ná bíodh duine ar bith ag caitheamh anuas air. Agus déanaigí é a sheoladh go síochánta ar a bhealach ar ais chugamsa mar táim féin mar aon leis na bráithre ag súil leis.


Maidir lenár mbráthair Apollós, rinne mé tathant air go dian dul ag triall oraibh in éineacht leis na bráithre eile, ach níl fonn dá laghad air dul ann faoi láthair. Tiocfaidh sé, áfach, nuair a bheidh an deis aige.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí