Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Seanfhocal 7:7 - An Bíobla Naofa 1981

7 [Féachaint] an raibh i measc na bhfear óg gan taithí aon ógánach éaganta.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Agus do chonnairc mé a measc na ndaoine simplighe, thug mé dom aire a measg na nógánach, ogán gan tuigsi,

Féach an chaibidil Cóip




Seanfhocal 7:7
24 Tagairtí Cros  

Bíonn an t‑adhaltrach ag tnúth leis an gcamhaoir, Á rá: Ní bhfaighfear radharc orm, Agus cuireann sé brat thar a aghaidh.


Tugann foilsiú do bhriathair solas dom, agus teagasc do lucht aineolais.


Tá a thriall amach as teorainn na spéire agus a iomchuairt thart chun na teorann eile, agus níl dul óna theas ag aon ní ar bith.


“A dhaoine saonta, an fada eile a thabharfaidh sibh gean do bhur saontacht? An fada eile a bhainfidh scigirí taitneamh as a scigireacht agus a bheidh drochmheas ag amadáin ar an eolas?


Óir maraíonn a dtuathail féin an mhuintir shaonta, agus scriostar na hamadáin trína sástacht féin.


Le críonnacht a thabhairt don saonta, agus eolas agus tuiscint don óg;


Bíonn an eagna le fáil i mbéal an tuisceanaigh; ach an bata ar dhroim an duine éaganta.


Beidh flúirse aráin ag an té a shaothraíonn a chuid talún; níl aon chiall ag an té a leanann beartais bhaotha.


Géilleann an duine saonta do gach scéal, ach ní thugann an duine críonna léim an daill.


Bíonn seilbh ag na hamadáin ar an mbaois, ach bíonn eolas mar choróin ag lucht na gaoise.


Ní maith í an díograis gan an machnamh; an té a bhrostaíonn a chéim, cailleann sé an tslí.


Buail an scigire, agus mar sin is mó a bheidh an t‑aineolaí san airdeall; ceartaigh fear na tuisceana agus beidh breis eolais aige.


Feiceann fear na céille an baol chuige agus téann i bhfolach uaidh; téann na baotháin ar aghaidh agus díolann siad as.


Ghabh mé thar ghort an leisceora, agus thar fhíonghort an duine gan chiall.


Feiceann fear na céille an baol chuige agus téann i bhfolach uaidh; téann na baotháin ar aghaidh agus díolann siad as.


A mhic, tabhair aird ar m'eagna, agus tabhair cluas go géar do mo chuid cainte.


A mhic, coinnigh aithne d'athar, agus ná tréig teagasc do mháthar.


Ach níl splinc céille ag an adhaltrach; déan mar é, agus scriosfaidh tú thú féin.


A lucht an aineolais, foghlaimigí an chríonnacht; agus sibhse, a amadána, [bíodh ciall agaibh].


“An fear baoth casadh sé i leataobh anseo!” agus deir sí leis an amadán:


“Cibé ar bith duine atá saonta, casadh sé isteach anseo!” agus le lucht na díchéille deir sí:


“Is mar seo atá sé óir tá mo phobal dallaigeanta; níl aithne acu orm. Is clann dúr iad, gan aon cheann orthu. Tá siad glic go leor chun olc a dhéanamh, ach do dhéanamh maitheasa níl tuiscint acu.”


Dúirt Íosa: “Sibhse freisin, nach bhfuil tuiscint agaibh fós féin?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí