Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Seanfhocal 26:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 Dála an ghealbhain a éalaíonn agus na fáinleoige a sceinneann, ní luíonn an mhallacht nach dual ar a sprioc.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Mar a néun ar iomlúaghail, mar a náinléog lé heitiolluigh, marsin ní thiucfa an mhallacht gan adhbhar.

Féach an chaibidil Cóip




Seanfhocal 26:2
10 Tagairtí Cros  

B'fhéidir go mbreathnódh an Tiarna ar [m'anró] agus an mhaith a chur i mo threo in éiric a mhallachta inniu.”


Bhain an Tiarna díoltas asat i bhfuil theaghlach Shóil ar ghlac tú a fhlaitheas ort féin, agus tá an Tiarna tar éis an flaitheas céanna a thabhairt i láimh Aibseálóm do mhac. Seo chugat anois uair na cinniúna, a fhir na fola.”


de bhrí nár thángadar in araicis chlann Iosrael le harán agus le huisce. D'fhostaigh siad Balám ina n‑aghaidh le mallacht a chur orthu ach rinne ár nDia beannacht den mhallacht.”


Mallachtaídís! ach bíse dár mbeannachadh; go ndéantar mo naimhde a náiriú agus go ndéana do ghiolla gairdeas.


Is cuma nó éan ar fán óna nead fear atá ar fán óna bhaile.


Ag cleitearnach anonn is anall mar a bheadh nead scolamán tréigthe, is amhlaidh atá iníonacha Mhóáb cois áthanna an Arnón.


Conas is féidir dom mallacht a chur ar an te nár chuir Dia mallacht air? Conas is féidir dom aoir a dhéanamh ar an te nach ndearna Dia aoir air?


Dúirt an Filistíneach le Dáiví: “An madra mise, a rá go bhfuil tú ag teacht i m'aghaidh le bataí?” Agus chuir an Filistíneach mallacht ar Dháiví dar a dhéithe féin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí