Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Seanfhocal 26:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 Ní oireann sneachta don samhradh, ná báisteach don fhómhar, agus ní mó ná sin a oireann onóir don amadán.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Mar shneachta san tsamhradh, agus mar fhearthuinn san bhfoghmhar, marsin ní hiomchubhuidh onóir damadan.

Féach an chaibidil Cóip




Seanfhocal 26:1
16 Tagairtí Cros  

Is tú a Thiarna, a dhéanfaidh cúram dínn: déanfaidh tú ár gcosaint ar an nglúin seo go brách. 8 Tá triall na n‑éagráifeach inár dtimpeall do gach leith agus daoscar na ndaoine faoi mheas ag clann Ádhaimh.


an té ar beag aige an drochdhuine agus ar mór aige lucht eagla an Tiarna; an té nach ngabhann siar ar a bhriathar bíodh gur mhionnaigh chun a dhochair féin;


Do stiúrthóir an chóir. Mascil de chuid Dháiví


Ní oireann béal soilbhir don bhaoth, ach is lú ná sin a oireann éitheach don phrionsa.


Ní cuí don amadán maireachtáil i sócamas, agus is lú ná sin is cuí do dhaor bheith i gceannas ar fhlatha.


Lasc don each, srian don asal agus bata do dhroim na n‑amadán.


Is cuma nó cloch a cheangal go teann de chranntabhaill, onóir a thabhairt d'amadán.


An rialtóir gan stuaim, is fear leatroim é; an té ar fuath leis an tsaint, gnóthóidh sé fad saoil.


Ach mura ndearna sibh, go dtaga tine as Aibímeilic amach, agus go n‑ídí sí muintir Sheicim agus Bhéit Mileo; agus go dtaga tine as ceannairí Sheicim agus Bhéit Mileo agus go n‑ídí sí Aibímeilic.”


Nuair a insíodh é sin do Iótám, ghabh sé suas ar Shliabh Girizím agus sheas ar a mhullach, gur ghlaoigh sé os ard orthu á rá: “Éistigí liomsa, a cheannairí Sheicim, i dtreo go n‑éistfidh Dia libhse.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí