Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Seanfhocal 22:23 - An Bíobla Naofa 1981

23 Óir déanfaidh an Tiarna a gcúis a agairt, agus ídeoidh sé lucht a n‑ídithe.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

23 Oír taigeoruidh an TIGHEARNA a ccúis, agus millfidh sé anam an té mhillios íadsan.

Féach an chaibidil Cóip




Seanfhocal 22:23
23 Tagairtí Cros  

Cuireann an Tiarna an fhíréantacht i bhfeidhm; tugann sé ceart dá mbíonn faoi dhaorsmacht.


gach dream a deir: “Inár dteanga atá ár neart, linn féin ár mbéal, cé a dhéanfaidh ár smachtú?”


“Toisc dearóile na ndealbh agus osnaíl na mbocht éireoidh mé féin anois,” arsa an Tiarna. “Tabharfaidh mé dóibh an slánú is mian leo.”


Ní bheidh an rath ar fhear na drochtheanga; tiocfaidh an tubaiste ar fhear an fhoréigin.


Is eol dom go ndéanfaidh an Tiarna, ceart is cóir don duine bocht 's don duine dealbh.


[Salm le] Dáiví. 1 Tagair mo chúis, a Thiarna, in aghaidh mo naimhde: cuir cath ar a mbíonn ag troid liom.


Déarfaidh mé ó mo chroí go hiomlán: “Cé is cosúil leat, a Thiarna, an té a tharrthaíonn an truán ón tréanfhear, an duine dealbh ón tíoránach?”


Cosain mé a Dhia, agus agair mo chúis in aghaidh lucht na héagráifeachta. Ó lucht an fhill agus na hurchóide saor mé, (a Dhia).


Canaigí amhrán do Dhia agus seinnigí dá ainm, déanaigí slí don té atá ag marcaíocht ar na néalta; gairdigí don Tiarna, déanaigí lúcháir ina láthair.


Má dhéanann tú iad a bhuaireamh agus go dtagann a nglao chugam, éistfidh mé leo, éistfead sin.


Adhnfaidh m'fhearg agus maróidh mé sibh leis an gclaíomh, agus fágfar bhur mná gan chéile agus bhur gclann gan athair.


Déanfaidh foréigean na n‑urchóideach iad a scriosadh, mar nach áil leo an ceart a dhéanamh.


Óir is tréan é a bhfuasclóir, agus déanfaidh sé a gcúis a thagairt i d'aghaidh.


Och, a chreachadóir, agus tú féin gan creachadh, a fheallaire nach ndearnadh feall ort fós! nuair a bheidh deireadh le do chreachadh, déanfar creach ortsa; nuair a bheidh críoch le feall agat, déanfar feall ort féin.


Ach gach aon a shlog thusa slogfar iad féin, rachaidh lucht d'ansmachta uile i ndaoirse, creachfar lucht do chreachta, agus gach aon dár airg thusa, tabharfaidh mise mar argain iad.


Ach is láidir a slánaitheoir: Tiarna na Slua is ainm dó. Is é atá ag tagairt a gcúise; tabharfaidh sé síoth agus síocháin don talamh, ach cuirfidh eagla a gcroí ar mhuintir na Bablóine.


Uime sin - is mar seo a deir an Tiarna: “Tagraímse féin do chúis le go ndéanfar díoltas dearfa ar do shon. Triomóidh mé a habhainn, fágfaidh mé a foinsí tirim.


Caithfidh mé cur suas le fearg an Tiarna - mar pheacaigh mé ina choinne - go dtí go n‑agraíonn sé mo chúis agus go seasann sé ceart dom. Treoróidh sé mé chun an tsolais agus feicfidh mé na gníomhartha slánaitheacha a dhéanann sé.


De bhrí gur chreach tú mórán ciníocha creachfaidh na náisiúin eile go léir thusa mar gheall ar an bhfuil dhaonna a dhoirt tú agus de dheasca an fhoréigin a d'imir tú ar an tír, ar an gcathair agus ar gach duine dá gcónaíonn inti.


Tiocfaidh mé chugaibh chun breithiúnas a thabhairt agus beidh mé i m'fhinné neamhbhalbh in aghaidh draoithe agus adhaltrach agus éitheoirí agus ina n‑aghaidh siúd a dhéanann leatrom ar fhostaithe nó ar bhaintreacha nó ar dhílleachtaí agus ina n‑aghaidh siúd chomh maith a sháraíonn cearta an choimhthígh a chónaíonn in bhur measc agus gan eagla dá laghad orthu romhamsa, a deir Tiarna na Slua.


Féach, a athair, go bhfuil íochtar do chlóca i mo láimh agam. Ghearr mé an t‑íochtar anuas de do chlóca, ach níor mharaigh mé thú. Caithfidh tú a thuiscint agus a fheiceáil, dá réir sin, nach bhfuil urchóid ná tréas ar aigne agam. Níor chiontaigh mé i d'aghaidh, bíodh go bhfuil tú sa tóir orm chun mé a mharú.


Cé ina dhiaidh ar tháinig rí Iosrael amach? Cé air a bhfuil tú sa tóir? Ar mhadra marbh? Ar dhreancaid?


Nuair a fuair Dáiví scéala báis Nábál, dúirt sé: “Moladh leis an Tiarna a rinne an aithis a fuair mé ó láimh Nábál a agairt, agus a choisc a shearbhónta ón olc; tá drochbhearta Nábál tugtha sa mhullach air féin ag an Tiarna.” Ansin chuir Dáiví scéala cleamhnais go hAibíogáil.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí