Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Seanfhocal 12:13 - An Bíobla Naofa 1981

13 Trí choireanna a bhéil féin a ghabhtar an t‑urchóideach sa ghaiste; ach tagann an fíréan slán ón tubaiste.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

13 Gabhthar an drochdhuine a míolabhairt a bhéil: acht tiucfaidh an fíréun amach as buáidhreadh.

Féach an chaibidil Cóip




Seanfhocal 12:13
21 Tagairtí Cros  

An t‑aingeal a d'fhuascail mé ó gach olc, go mbeannaí sé na buachaillí seo! Go maire mo ainmse iontu, agus ainm m'aithreacha Abrahám agus Íosác. Go dté siad i líonmhaire agus in iomadúlacht ar chlár na cruinne.”


Ach d'fhreagair Dáiví Reacáb agus Báná a dheartháir á rá: “Dar an Tiarna beo, a d'fhuascail mé ó gach gábh,


Ansin mhionnaigh Solamh rí dar an Tiarna á rá: “Go ndéana Dia a leithéid siúd liom, agus a thuilleadh fós,” ar sé, “mura dtugann Adoiníá a anam in éiríc na bhfocal sin!


Bíonn an Tiarna i ngar don lucht coscartha agus tarrthaíonn sé an dream atá do-mheanmnach.


Is iomaí sin buairt ar an bhfíréan, ach fuasclaíonn an Tiarna orthu uile é;


Ní sheasfaidh an scaothaire an fód os comhair do shúl.


Ná lig dóibh, sula mbainfeadh dearmad de mo phobal; déantar a dtreascairt is a leagan ar lár, a Thiarna, ós tú is sciath dúinn!


In éiric pheacaí a mbéal is a mbruas, i gcúiteamh a mallachtaí is a mbréag go mbeirtear orthu ina n‑uabhar.


scaoilfidh Dia a shaigheada leo go tobann, agus déanfaidh sé a ngoin gan choinne.


Géilleann croí an eagnaí do theagasc ach tá tubaiste i ndán don chabaire baoth.


Saortar an fíréan ón tubaiste, ach titeann sí ar an urchóideach ina ionad.


Riarann teanga na n‑eagnaí eolas, ach bíonn baois ar sileadh le béal na n‑amadán.


Tá bás agus beatha faoi smacht na teanga; an mhuintir ar geal leo í, ní foláir dóibh a toradh a chaitheamh.


An té a chuireann smacht ar a bhéal agus ar a theanga, seachnaíonn sé tubaiste.


Má chuir do chuid cainte i ngreim thú, má chuir briathra do bhéil faoi chuibhreach thú,


Is maith an rud é cloí le ceann amháin de na prionsabail seo ach gan neamhaird a thabhairt ar an gceann eile; óir an duine a bhfuil eagla Dé air comhlíonann sé a dhualgas ar gach bealach.


D'fhreagair an pobal ar fad: “Go raibh a chuid fola orainn féin agus ar ár gclann!”


tá a fhios ag an Tiarna conas na fíréin a fhuascailt ó thriail ach na coirpigh a choinneáil á bpionósú go lá na breithe,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí