Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Salm 139:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 Más siúl dom, más suan dom, feiceann tú; is eol duit mo shlite go léir.

Féach an chaibidil Cóip

An tSaltair 1965 (Ó Cuinn)

3 Óir níl focal dá mbíonn ar mo theanga: nach feasach duit é ar fad, a Thiarna.

Féach an chaibidil Cóip

Psalma Dhaibhí 1836

3 Mo chéimne agus mo luidhe sios, Do chuartuigh tu go dlúigh; A’s ar mo shlighthibh féin go léir, Is geur a bhreathnuigh tú.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Spíona tú mo chasán agus mo luidhe síos, agus atá tú éolach air mo shlighthibh uile.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 Más siúl dom, más suan dom, feiceann tú; is eol duit mo shlite go léir.

Féach an chaibidil Cóip




Salm 139:3
21 Tagairtí Cros  

Nuair a bhí an caoineadh thart chuir Dáiví fios uirthi chun í a thabhairt chun a thí; bhí sí mar bhean aige, agus rug mac dó. Ach níor thaitin a raibh déanta ag Dáiví leis an Tiarna.


Chuir sé lucht ceannais i bhfeighil Eadóm (chuir sé lucht ceannais i bhfeighil Eadóm ar fad). Tháinig na hEadómaigh go léir faoi smacht Dháiví. Thug an Tiarna an bua do Dháiví cibé áit a ndeachaigh sé.


Ach dá mbeadh eolas aige ar mo bhealaí, Dá ndéanfadh sé mé a phromhadh sa soitheach leá is mar ór a thiocfainn as.


Nach bhfeiceann sé mo bhealaí Agus nach n‑áiríonn sé mo choiscéimeanna?


Coimeádaim do phroiceapta agus d'orduithe; bíonn mo shlite uile i d'fhianaise.


ní lia gaineamh na trá ná iad; dá mbeinn réidh leo bheinn farat go fóill.


Óir tabharfaidh Dia breithiúnas ar gach gníomh, agus gach gníomh folaithe san áireamh freisin, cibé olc maith é.


Is mairg dóibh siúd a théann i bhfolach go domhain d'fhonn a seifteanna a cheilt ar an Tiarna, ag beartú a gcealga sa dorchadas agus á rá: “Cé fheiceann sinn ná cé aithníonn sinn?”


An bhféadann aon duine é féin a fholach i gcúinne dorcha agus nach bhfeicfidh mise é? - an Tiarna a labhraíonn. Nach líonann mise neamh agus talamh? - an Tiarna a labhraíonn.


Tá a cháiteog ina láimh aige agus déanfaidh sé a láithreán buailte a léirghlanadh; cruinneoidh sé a chuid arbhair isteach sa scioból, ach dófaidh sé an lóchán le tine dhomhúchta.”


Le linn an tsuipéir agus tar éis don diabhal a chur ina chroí ag Iúdás, mac Shíomóin Isceiriót, go mbraithfeadh sé é -


Ar rá na cainte sin d'Íosa, tháinig suaitheadh spioraid air, thug fianaise agus dúirt: “Amen, Amen, a deirim libh, déanfaidh duine agaibh mé a bhrath.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí