Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Rut 4:14 - An Bíobla Naofa 1981

14 Agus dúirt na mná le Náoimí: “Moladh leis an Tiarna nár fhág [an marbh] gan bráthair gaoil inniu chun a ainm a bhuanú in Iosrael.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

14 Agus a dubhradar na mná ré Naomi, go madh beannuigh an TIGHEARNA, nach ar fhág thusa a niugh, gan bhrathair gáoil, chor go mbía a ainm oirdheirc a Nisrael.

Féach an chaibidil Cóip




Rut 4:14
13 Tagairtí Cros  

Déanfaidh mé cine mór díot agus beannóidh mé thú agus mórfaidh mé d'ainm chomh mór sin go mbeidh sé mar bheannacht ag daoine.


á rá: “Moladh leis an Tiarna, Dia do mháistir Abrahám! óir níor stad sé ach ag déanamh cineáltais agus maitheasa do mo mháistir. Sheol an Tiarna mé caol díreach go teach ghaolta mo mháistir!”


Ghabh sí gin arís agus rug sí mac á rá: “An uair seo molfaidh mé an Tiarna.” Thug sí Iúdá dá réir sin mar ainm air. Ní raibh a thuilleadh clainne uirthi ansin.


Agus chuala a comharsana agus a gaolta go ndearna Dia a thrócaire go hiomarcúil uirthi, agus rinne siad comhghairdeas léi.


Bígí lúcháireach le lucht na lúcháire agus dobrónach le lucht an dobróin.


Dá chionn sin, má bhíonn tinneas ar bhall amháin bíonn na baill go léir i gcomhphian leis, agus má bhíonn ball faoi mheas, bíonn na baill go léir ag déanamh comhghairdis leis.


agus ag gabháil buíochais as gach ní; sin é an ní is áil le Dia uaibh in Íosa Críost.


Tá sé d'fhiacha orainn bheith ag gabháil buíochais gan stad le Dia mar gheall oraibh, a bhráithre, agus níl ann ach an ceart, mar tá bhur gcreideamh ag fás thar na bearta agus bhur ngrá dá chéile, gach duine agaibh, ag dul i méid.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí