Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Rut 2:9 - An Bíobla Naofa 1981

9 Bíodh do shúil agat ar an gcuid sin den ghort a bhíonn á bhaint acu agus bí ina ndiaidh aniar. Tá ordú tugtha agam do mo sheirbhísigh gan cur isteach ort. Má bhíonn tart ort, buail síos chun na soithí agus ól deoch as ar tharraing na giollaí.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Bídis do shúile ar an mhachaire a mbéid síad ag buáin, agus lean íad: nach ar fhúagair misi do na hogánuibh gan buáin ríot? agus a nuáir bhías tart ort, imthigh chum na soitheach, agus ibh deoch as an ní do thairngiodar na hóganuigh.

Féach an chaibidil Cóip




Rut 2:9
11 Tagairtí Cros  

Ansin dúirt Dia leis san fhís: “Is fíor duit. Tá a fhios agam gur le hionracas croí a rinne tú é seo; agus is mise a choinnigh tú ó pheaca a dhéanamh i m'aghaidh. Uime sin níor cheadaigh mé duit baint léi.


Bíodh trua agaibh dom, a chairde liom, bíodh trua agaibh dom, Óir threascair lámh Dé mé.


“Ná leomhadh sibh baint le m'ungthaigh; ná déanaigí dochar do m'fháithe.”


Mar sin a bhíonn ag an té a luíonn le bean a chomharsan; ní rachaidh aon duine a bhainfidh léi slán gan phionós.


“Agus má thugann duine ar bith oiread is an cupán d'fhíoruisce do dhuine den mhuintir bheag seo, as ucht gur deisceabal é, ní bheidh sé gan a thuarastal a fháil.”


Maidir leis na nithe ar scríobh sibh ina dtaobh: sea, b'fhearr d'fhear gan baint le bean;


Tá fhios againn nach ndéanann aon duine dá bhfuil ginte ó Dhia aon pheaca mar go gcumhdaíonn an té a gineadh ó Dhia é agus ní thig leis an mac mallachta baint leis.


Ansin shléacht Rút roimhe agus chrom go talamh, á rá: “Cad chuige duit a bheith chomh lách liom agus a leithéid de chúram a dhéanamh díom agus gan ionam ach strainséir?”


Dúirt Boaz le Rút: “Éist liom anois, a iníon ó, agus tuig é seo uaim: ná téighse a dhíolaim in aon ghort eile. Ná fág an áit seo ach lean go dlúth mo mheithealsa.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí