Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Rut 2:13 - An Bíobla Naofa 1981

13 Ansin dúirt sí: “Nach lách atá tú liom, a mháistir, mar thug tú sólás dom agus labhair tú go séimh liomsa, do bhanseirbhíseach, dá shuaraí mé, agus gan mé ar chomhchéim le duine de do bhanseirbhísigh.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

13 Ann sin a dubhairt sí, Faghaim fabhar ad lathair, á thighearna; do chionn go ttúg tú sólás damh, agus gur labhair tú go muinnteardha red sheirbhiseach, matá nach bhfuilim cosmhuil re haon dot chailinibh féin.

Féach an chaibidil Cóip




Rut 2:13
15 Tagairtí Cros  

D'fhill na teachtairí ar Iacób á rá: “Chuamar go dtí do dheartháir Éasau, agus tá sé ar an mbealach chugat cheana féin agus ceithre chéad fear leis.”


“Cuir uait,” arsa Iacób, “má tá fabhar faighte agam i do láthair, glac leis an mbronntanas seo ó mo láimh. Óir, de dhéantús na fírinne, tháinig mé i radharc do ghnúise amhail is dá mba i ngnúis Dé, ach ghlac tú chugat mé le dea-mhéin.


Ansin dúirt Éasau: “Lig dom cuid den mhuintir atá i mo theannta a fhágáil farat.” D'fhreagair seisean: “Cén gá atá leis sin? Níl uaim ach do dhea-mhéin a thuilleamh, a mháistir.”


Dúirt Éasau: “Cén chiall atá agat leis na sluaite go léir a casadh orm?” “Chun dea-mhéin a thuilleamh i láthair mo mháistir, iadsan,” a fhreagair Iacób.


Ach líon a anam de shearcghrá do Dhíneá, iníon Iacóib, thit sé i ngrá leis an ógbhean agus labhair léi go cineálta.


Go ndeonaí Dia Uilechumhachtach trócaire daoibh ina láthair siúd i dtreo go seolfaidh sé ar ais bhur ndeartháir eile in éineacht le Biniáimin. Maidir liomsa, más é atá i ndán dom mo chlann a chailliúint, caillfidh mé iad.”


Ansin dúirt an rí le Zíbeá: “Is leat anois cuid Mheirí Bál go léir.” Dúirt Zíbeá: “Umhlaím duit. Gura fiú mé d'fhabhar a fháil i gcónaí, a thiarna mo rí!”


Is teagasc san eagna é eagla an Tiarna; gabhann an umhlaíocht roimh an onóir.


Ar an ábhar sin déanfaidh mé féin í a mhealladh, agus a threorú isteach san fhásach, chun labhairt léi go muirneach.


Ná déanaigí aon ní le teann iomaíochta ná le teann gaisce, ach sibh á mheas go huiríseal gur fearr daoine eile ná sibh féin.


Ansin chuir a fear chun bóthair chun dul ar a tuairisc, labhairt go cneasta léi agus í a thabhairt ar ais; thug sé leis a ghiolla agus dhá asal. Nuair a bhí sé ag teacht i ngar do theach athair a chéile, chonaic athair na hógmhná é, tháinig sé ina choinne le háthas.


Go gcúití an Tiarna do shaothar leat, agus go dtuga an Tiarna Dia Iosrael luach saothair iomlán duit ós rud é gur tháinig tú ag lorg dídine faoi scáth a sciathán.”


Am dinnéir dúirt Boaz léi: “Tar agus ith smut den arán seo agus tum do ghreim san fhíon.” Shuigh Rút leis an meitheal, agus rinne Boaz [carnán] grán dóite di agus d'ith sí a sáith de agus bhí fuílleach aici.


Agus dúirt sise: “Go bhfaighe do bhanóglach fabhar i do láthair.” Ansin d'imigh an bhean léi; [d'fhill sí ar an halla], d'ith bia, agus ní raibh cuma ghruama uirthi níos mó.


D'éirigh sise agus chrom go humhal chun talún: “Seo bhur mbanóglach agaibh,” ar sí, “mar dhaoirseach le cosa searbhóntaí mo thiarna a ní.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí