Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Rut 2:11 - An Bíobla Naofa 1981

11 D'fhreagair Boaz: “Insíodh dom go hiomlán an uile ní dá ndearna tú ar son mháthair do chéile ón uair a fuair d'fhear bás; mar a d'fhág tú d'athair agus do mháthair agus do thír dhúchais i do dhiaidh agus gur tháinig tú go muintir nárbh aithnid duit roimhe seo.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 Agus do fhreagair Boas, agus a dubhairt ría, Do taisbeanadh dhámhsa go hiomlán, a nuile ní dá ndéarna tú dot bhainchliamhuin ó fuáir thfear bás: agus mar dfág tú hathair agus do mhathair, agus an tír ann ar rugadh thú, agus mar tháinic tú a ccionn daoine nar bhaithnidh dhuit roimhe so.

Féach an chaibidil Cóip




Rut 2:11
15 Tagairtí Cros  

Insíodh do Dháiví cad a rinne Rizpeá iníon Aiá, leannán Shóil.


Tá iníonacha ríthe i measc do bhan coimhdeachta, agus an bhanríon ar do dheis faoi ór as Óifír.


A dhála sin díreach, gach duine agaibhse nach dtréigeann a mhaoin uile ní féidir dó bheith ina dheisceabal agam.


Agus tharraing siad na báid aníos ar an trá, d'fhág siad gach uile ní agus lean é.


Cé acu is fusa a rá: ‘Tá do pheacaí maite duit’; nó a rá: ‘Éirigh agus siúil’?


Ach dúirt Náoimí: “Ní mór daoibh dul ar ais, a iníonacha liom. Cad ab áil libh teacht liomsa? An bhfuil clann mhac fós i mo bhroinn le bheith mar fhir chéile agaibh?


Ansin shléacht Rút roimhe agus chrom go talamh, á rá: “Cad chuige duit a bheith chomh lách liom agus a leithéid de chúram a dhéanamh díom agus gan ionam ach strainséir?”


Go gcúití an Tiarna do shaothar leat, agus go dtuga an Tiarna Dia Iosrael luach saothair iomlán duit ós rud é gur tháinig tú ag lorg dídine faoi scáth a sciathán.”


“Go gcuire an Tiarna a bheannacht ort, a iníon ó,” arsa Boaz, “mar gur mó an cineáltas seo de do chuid ná ar ghabh roimhe, mar ní dheachaigh tú ar thóir ógánach saibhir ná daibhir.


Tabharfaidh an leanbh misneach duit agus beidh sé mar theannta agat i do sheanaois, óir is í bean do mhic a rug é, an té ar mo é do ghrá di na do sheachtar mac.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí