Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Rut 2:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 Bhí fear gaoil ag Náoimí de thaobh a fir, fear an-saibhir de shliocht Eilímeilic agus Boaz ab ainm dó.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Agus do bhi fear gaóil ag Naomi a ttaobh a fir, duine cumhachdach a saidhbhrios, do shliochd Elimelech; agus a sé dob ainm dhó Boas.

Féach an chaibidil Cóip




Rut 2:1
13 Tagairtí Cros  

Rinne Manachaem an t‑airgead sin a thobhach ar Iosrael, ar gach flaith, leathchéad seicil an duine, le tabhairt do rí na hAsaíre. D'imigh seisean ar ais ansin agus níor fhan sa tír.


Bhí seacht míle caora, trí mhíle camall, cúig céad cuingir damh, cúig céad asal baineann, agus líon tí raidhsiúil aige.


Ar mhaígh mé as flúirse mo mhaoine? Nó as an raidhse a ghnóthaigh mé i mo ghlac?


ghin Salmón Boaz ó Ráchab; ghin Boaz Ióibeid ó Rút; ghin Ióibeid Iseái;


mhic Iseái, mhic Ióbéid, mhic Bhóas, mhic Shalá, mhic Náiseon,


Eilímeilic a bhí mar ainm ar an bhfear, Náoimí ar a bhean agus Machlón agus Cilión ar a bheirt mhac. Eafrátaigh ab ea iad ó Bheithil Iúdá agus thángadar go tír Mhóáb agus chuireadar fúthu ann.


Dúirt Rút an Móábach mná le Náoimí: “Lig dom dul amach sna goirt chun na diasa a bhailiú i ndiaidh duine éigin a mbeadh lé aige liom.” “Imigh leat, a iníon ó,” ar sise léi.


Anois fág gur fíor go bhfuil ceart fuascailte agam ort, tá fear ann ar gaire é a ghaol leat.


Anois nach gaol dúinn Boaz a raibh tú i bhfochair a mheithle? Féach beidh sé ag cáitheadh na heorna anocht ar an urlár buailte.


ghin Salmón Boaz; ghin Boaz Óbaed;


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí