Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Obaidiá 1:4 - An Bíobla Naofa 1981

4 Cé go n‑éireofá san aer mar iolar, agus do nead a dhéanamh i measc na réaltaí, theilgfinnse síos as sin thú,” a deir an Tiarna.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Má atá go náirdeocha tusa thú féin mar an niolar, agus má atá go ccuirfe fú do nead a measc na realtann, do bhéara misi as sin a nuás thú, a deir an TIGHEARNA.

Féach an chaibidil Cóip




Obaidiá 1:4
8 Tagairtí Cros  

D'aimsigh mo lámh, mar i nead a bheadh sé, saibhreas na gciníocha. Mar a thógfá uibheacha a tréigeadh, bhailigh mé chugam an talamh ar fad, agus níor greadadh sciathán, níor osclaíodh gob, níor chualathas gíog.”


Mheall cáil na fíochmhaire thú, chuir uabhar do chroí [ar seachrán] thú, thusa a chónaíonn i scailp na carraige, a ghreamaíonn d'airde na gcnoc! Bíodh go ndéanfá do nead chomh hard leis an iolar, theilgfinnse síos as sin thú arís - an Tiarna a labhraíonn.


Dá mba ea go n‑éireodh an Bhablóin suas chun neimhe, nó dá neartódh sí a dúnfort buacach, ina dhiaidh sin is uile thiocfadh scriosadóirí ar m'ordú anuas uirthi - an Tiarna a labhraíonn.


Má thochlann siad a mbealach go Seól tarraingeoidh mo lámhsa as iad; má dhreapann siad go harda neimhe cuirfidh mé d'iallach orthu teacht anuas.


Is mairg don fhear a dhéanann brabach go héagórach ar son a theaglaigh féin, chun a nead féin a shuíomh os ard agus chun lámh an oilc a sheachaint.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí