Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Obaidiá 1:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 Chuir uaill do chroí ar seachrán thú, thusa a chónaíonn i scailp na carraige, a bhfuil [na hardáin] mar áit lonnaithe agat, a deir i do chroí: ‘Cé a thabharfaidh síos chun talún mé?’

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 ¶ Do mheall úabhar do chroidhe thú, thusa chomhnuighios a scalpuibh na carrag, ar bhárd hionad comhnuidhe, noch a deir iona chroidhe, Cía bhéaras misi síos chum na talmhan?

Féach an chaibidil Cóip




Obaidiá 1:3
21 Tagairtí Cros  

Lonnaigh Éasau dá réir sin i Sliabh Shaeír. Is é Éasau Eadóm.


Eisean a bhris ar na hEadómaigh i nGleann an tSalainn, deich míle díobh, agus a ghabh an Charraig de ruathar. Thug sé Ioctael mar ainm uirthi agus is é atá uirthi go dtí inniu féin.


Ach tháinig misneach chuig Amaiziá agus threoraigh sé a shaighdiúirí amach go Gleann an tSalainn, agus scrios sé deich míle fear de mhuintir Shaeír.


Ghabh fir Iúdá deich míle díobh ina mbeatha agus rug iad go léir go barr na carraige agus chaitheadar thar faobhar na faille iad agus rinneadh smidiríní díobh go léir.


Fág go mbeadh sé chomh hard leis an spéir Agus go sroichfeadh a cheann na néalta,


Gabhann uabhar roimh thubaiste; agus éirí in airde roimh threascairt.


Bíonn uaill i gcroí an duine roimh é a scrios, ach umhlaíocht a ghabhann roimh onóir.


Déanfaidh a dhíomas féin fear a threascairt, ach bainfidh an t‑uiríseal ó chroí onóir amach.


Chualamar trácht ar uabhar Mhóáb, uabhar as miosúr, uaillmhian agus borr agus bród, mórtas tóin gan taca.


Is libhse a dhéanaim achrann, libhse a d'imigh chun cónaithe ag Carraig an Réitigh - an Tiarna a labhraíonn - libhse a deir: Cé bhéarfadh fogha fúinne agus a dhéanfadh a bhealach isteach inár ndaingean?


Ná meallaigí sibh féin á rá: Tá na Caildéigh ag imeacht uainn faoi dheireadh. Níl siad ag imeacht.


Fágaigí na bailte, cuirigí fúibh sna creaga, a áitritheoirí Mhóáb. Foghlaimígí ón gcolm a dhéanann a nead i mbéal na haille.


Mheall cáil na fíochmhaire thú, chuir uabhar do chroí [ar seachrán] thú, thusa a chónaíonn i scailp na carraige, a ghreamaíonn d'airde na gcnoc! Bíodh go ndéanfá do nead chomh hard leis an iolar, theilgfinnse síos as sin thú arís - an Tiarna a labhraíonn.


Maíonn tú as do ghleann, a chailín mhístuama! Go teann agus go dána deir tusa: ‘Cé thiocfadh dom ionsaíse?’


Ba é do thrádáil ghnóthach a líon le foréigean agus le peaca thú. Chaith mé síos thú mar rud truaillithe ó shliabh Dé; theilg an ceiribín coimhdeachta amach thú as lár na n‑aibhleog te.


Má deir Eadóm: “Scriosadh sinn ach atógfaimid na fothraigh,” is é a deir Tiarna na Slua: “Tógaidís iad ach leagfaidh mise ar lár arís iad. Glaofar orthu ‘Dúiche an oilc’ agus ‘An cine a bhfuil an Tiarna i bhfeirg leis de shíor’.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí