Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Nihimiá 9:21 - An Bíobla Naofa 1981

21 Chothaigh tú iad ar feadh daichead bliain san fhásach; Ní raibh aon ní de dhíth orthu; Ní dheachaigh caitheamh ar a gcuid éadaigh, Ná at ar a gcosa.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

21 Do chothuigh tú fós ceathrachad blíadhuin íad annsa bhfásach, iondus nach raibh eínní deasbhuidh orra; níor chríon a néadach, agus níor atadar a ccosa.

Féach an chaibidil Cóip




Nihimiá 9:21
9 Tagairtí Cros  

A dhaoine naofa an Tiarna, bíodh a eagla oraibh; ní bhíonn díth ar an dream lenarb eagal é.


Bhí an manna á ithe ag clann Iosrael ar feadh daichead bliain nó go dtángadar go críocha ináitribh. Bhíodar ag ithe an mhanna nó go dtángadar go teorainn Chanán.


Ar thairg sibh íobairtí agus ofrálacha dom ar feadh an daichead bliain san fhásach, a theach Iosrael?


agus [sholáthraigh] sé dóibh ar feadh daichead bliain san fhásach.


Chuir an Tiarna bhur nDia a bheannacht ort i mbun do ghnothaí go léir; choimeád sé a shúil oraibh agus sibh ag gabháil tríd an bhfásach fairsing seo; bhí an Tiarna do Dhia in do choimhdeacht an daichead bliain sin; ní raibh aon ní riamh de dhíth ort.’


Threoraigh mé san fhásach sibh ar feadh daichead bliain; ní dheachaigh caitheamh ar bhur gcuid éadaigh umaibh ná dreo ar do chuaráin faoi do chosa.


Agus cuimhnigh ar an gcaoi go léir ar threoraigh an Tiarna do Dhia thú le daichead bliain san fhásach, d'fhonn tú a umhlú, tú a phromhadh, agus eolas a chur ar rún do chroí féachaint an gcoimeádfá a aitheanta nó nach ndéanfá.


Ní dheachaigh caitheamh ar an éadach ar do dhroim, ná níor tháinig at ar do chosa, i gcaitheamh an daichead bliain sin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí