Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Nihimiá 7:70 - An Bíobla Naofa 1981

70 Agus thug cinn finí fiche míle drachma óir agus dhá mhíle míoná airgid don chiste tógála.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

70 ¶ Agus thug cuid do thogha na naithreadh chum na hoibre. Thug an Tirsata chum a nionnmhuis míle drama óir, caogad báisín, cúig cceud agus tríochad culaidh shagairt.

Féach an chaibidil Cóip




Nihimiá 7:70
15 Tagairtí Cros  

an aon mhuir agus an dá dhamh déag faoin muir;


don ór fíre do na gabhla, na miasa, na cupáin; do na cuacha óir agus do mheáchan gach cinn díobh; do na cuacha airgid agus do mheáchan gach cinn díobh;


Rinne Húrám na luaithreáin, na sluaistí, agus na babhlaí. Thug sé an obair go léir a rinne sé don rí Solamh i gcomhair Theampall Dé chun críche:


Rinne sé deich gcinn de bhoird, agus chuir i halla an Teampaill iad, cúig cinn ar dheis agus cúig cinn ar chlé. Rinne sé céad babhla óir.


Dá bharr sin go léir rinneamar conradh daingean ar phár, agus chuir ár gceannairí go léir, ár Léivítigh, agus ár sagairt, a n‑ainm faoi shéala na cáipéise;


Dúirt an gobharnóir leo gan na bianna coisricthe a chaitheamh nó go bhfaighfí sagart a rachadh i gcomhairle leis na hÚirím agus na Tuimím.


Thug cinn finí áirithe ofrálacha deonacha don tógáil. Thug a n gobharnóir míle drachma óir, leathchéad babhla, tríocha éide sagairt, agus cúig céad [míoná airgid] don chiste.


Sé an t‑iomlán a thug an chuid eile den phobal ná fiche míle drachma óir, dhá mhíle míoná agus seasca a seacht éide sagairt.


Ansin dúirt (an gobharnóir, Nihimiá agus) Eazrá an sagart agus an scríobhaí (agus na Léivítigh a bhí ag teagasc an phobail) leis an bpobal go léir: “Lá atá coisricthe don Tiarna bhur nDia is ea an lá seo. Ná bígí ag caoineadh ná ag olagón.” Mar bhí an pobal go léir ag sileadh na ndeor nuair a chuala siad briathra an dlí.


Gabhaigí craobh hiosóipe in bhur láimh, tumaigí í san fhuil atá san umar agus buailigí an fhuil ón umar ar an bhfardoras agus ar an dá ursain, ná téadh duine agaibh thar dhoras a thí amach go maidin.


Agus thóg Maois leath na fola agus chuir i miasa í, agus dhoirt sé an leath eile ar an altóir.


Thug captaen an gharda leis chomh maith na túisteáin, na babhlaí spréite, na luaithreáin, na cuacha, agus na fochupáin; a raibh déanta d'ór mar ór, agus a raibh déanta d'airgead mar airgead.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí