Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Nihimiá 6:17 - An Bíobla Naofa 1981

17 I rith an ama chéanna seo bhí a lán de mhaithe Iúdá ag cur litreacha go tiubh go Tóibíá, agus bhí litreacha óThóibíá ag teacht chucu;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

17 Tuilleamh oile do chuireadar uáisle Iúdah annsna laethibh sin mórán litreach go Tobiah, agus do thigdís litreacha Thobiah chucasan.

Féach an chaibidil Cóip




Nihimiá 6:17
8 Tagairtí Cros  

Ba chliamhain do Shanballat an Horónach, mac le Iahóiádá, mac Eiliáisíb, agus dhíbir mé as mo radharc é.


Ceapadh Eiliáisíb an sagart roimhe sin ina reachtaire ar sheomraí Theampall ár nDé. Bhí gaol aige le Tóibíá,


taobh leis-sean rinne muintir Theacóá deisiú cé gur dhiúltaigh a dtaoisigh a gceann a chromadh do chuing saothair a dtiarnaí.


Rinne mé mo mhachnamh ar an scéal agus ansin chuir mé ceartú ar na huachtaráin agus ar na feidhmeannaigh á rá: “Cad é ualach atá á chur ag gach duine agaibh ar a bhráthair!” Ghairm mé comhthionól mór le chéile le plé leo.


Nuair a chuala ár naimhde ina thaobh, agus go bhfaca na ciníocha máguaird é, chuir sé alltacht orthu; bhí drochmheas acu ar ár naimhde agus d'admhaíodar gur le cabhair ár nDé a cuireadh an obair i gcrích.


mar bhí mórán in Iarúsailéim faoi ghéillsine mionn dó mar ba chliamhain é do Sheacainiá mac Árach, agus bhí a mhac Iahóchánán pósta le hiníon Mhisiulám mac Bheiriceá.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí