Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Nihimiá 6:15 - An Bíobla Naofa 1981

15 Bhí an balla réidh dá bhrí sin faoi cheann dhá lá déag agus daichead, ar an gcúigiú lá fichead d'Ealúl.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

15 ¶ Marsin do chríochnuigheadh an balla annsa ccúigeadh lá fithchiod don mhí Elul, a ndá lá ar cháogad.

Féach an chaibidil Cóip




Nihimiá 6:15
7 Tagairtí Cros  

D'éirigh go seoidh le seanóirí Iarúsailéim i mbun a dtógála agus misneach acu de bharr fáidheoireachta Hagaí an fáidh agus Zacairiá mac Ideo.


Thug siad an tógáil chun críche de réir ordú Dhia Iosrael agus ordú Chíorais agus Dháire (agus Artaxarxaes rí na Peirse). Críochnaíodh an Teampall seo ar an tríú lá fichead de mhí Adár, sa séú bliain de réimeas Dháire rí.


Nuair a bhí an balla tógtha agus na comhlaí go léir ar a lúdracha agam, ceapadh gardaí i bhfeighil na ngeataí (seachas na cantairí agus na Léivítigh).


Is cosúil an duine sin le crann a plandaíodh ar bhruach na habhann, a thugann a thoradh go tráthúil agus nach bhfeonn a dhuilleoga choíche. Bíonn an rath ar gach aon ní dá ndéanann sé.


Tá an Tiarna ag atógáil Iarúsailéim; tá sé ag bailiú díbeartaigh Iosrael le chéile.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí