Nihimiá 5:2 - An Bíobla Naofa 19812 Dúirt cuid acu: “Tá d'iallach orainn ár mic agus ar n‑iníonacha [a mhalartú] chun go leor arbhair a fháil le hithe agus le teacht slán.” Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)2 Oír do bhí cuid díobh a dubhairt, Atámuidne, ar míc, agus ar ningheana, iomad: uimesin tógbheamuid arbhar súas doíbh, chor go nitheamaóis bíadh, agus go mbéaimis béo. Féach an chaibidil |
Cad chuige go bhfaighimis bás os comhair do shúl - sinne agus ár dtailte? Bímis féin agus ár dtailte agat dá bhrí sin mar cheannach ar bhia; beimidne lenár dtailte mar dhaoir ag Forann. Ach tabhair dúinn síol le cur chun nach bhfaighimis bás ach go mairfimis agus nach bhfágfaí an talamh ina fhásach.”
Chuir sibh mórán ach níor bhain sibh ach an beagán; itheann sibh ach ní bhfaigheann aon duine agaibh a sháith; ólann sibh ach ní mhúchtar bhur dtart; cuireann sibh éadach oraibh féin ach ní bhíonn aon duine agaibh te teolaí; an té a thuilleann tuarastal is lena a chur i sparán pollta a thuilleann sé é.”