Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Nihimiá 4:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 agus rinneadar comhcheilg teacht le chéile agus Iarúsailéim a ionsaí agus cur as do mo bheartas.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Agus do labhair a lathair a dhearbhráithreach agus shluáigh Shamaria, agus a dubhairt, Cred é so do níd na Iúduighe éagcruáidhsi? a ndéanuid daingion dóibh féin? a ndéanuid íodhbuirt? an ccríochnochuid a náonló? a naithbhéobhuid na clocha as na cárnuibh dearga atá loisge?

Féach an chaibidil Cóip




Nihimiá 4:2
17 Tagairtí Cros  

Ansin chrom muintir na tuaithe ar mhuintir Iúdá a chur óna thuilleadh tógála a dhéanamh trí dhrochmhisneach agus eagla a chur orthu.


Sin mar a bhí acu le linn Ióiácaím mac Iéisiúa, mac Iózádác, agus Nihimiá an gobharnóir, agus Eazrá, sagart agus scríobhaí.


Másaeiá freisin agus Seamaiá, Eileázár, Uizí, Iahóchánán, Mailcíveá, Éalám agus Eizir. Chan na cantairí faoi threoir Iazraichiá a gceannaire.


Ón lá sin amach ní bhíodh ach leath mo chuid fear ag tógáil; bhíodh an chuid eile ina seasamh, agus sleánna sciatha boghanna agus lúireacha acu, ar chúl teaghlach Iúdá,


Bhí an balla réidh dá bhrí sin faoi cheann dhá lá déag agus daichead, ar an gcúigiú lá fichead d'Ealúl.


Chinn siad ar chomhairle in aghaidh do phobail; chuaigh siad i gcogar in aghaidh aos do ghrá.


“Thairngir Míocá an Móirisiteach i laethanta Hiziciá rí Iúdá,” a dúirt siad, “agus ba é a dúirt sé le muintir uile Iúdá: ‘Mar seo a deir an Tiarna: Déanfar fearann treafa de Shíón, agus carnán bruscair de Iarúsailéim, beidh cnoc an Teampaill ina ardán coillteach.’


“Nár thug tusa faoi deara céard deir an pobal seo: ‘An dá mhuintir a thogh an Tiarna theilg sé uaidh anois iad’? Mar seo a tharcaisníonn siad mo mhuintir ionas nach náisiún níos mó iad ina láthair.


Tá cloiste agam, a Thiarna, i dtaobh d'éachtaí; a Thiarna, cuireann do chuid oibre eagla orm. Déan arís í lenár linn féin; lenár linn féin nocht dúinn í athuair. D'ainneoin tú a bheith suaite le fearg cuimhnigh ar an trócaire a dhéanamh.


Ar an lá sin, cosnóidh an Tiarna áitritheoirí Iarúsailéim agus ar an lá sin freisin beidh an duine is laige díobh cosúil le Dáiví agus beidh teaghlach Dháiví féin cosúil le Dia, cosúil le haingeal an Tiarna, ar a dtosach.


Óir, duine ar bith a chaith drochmheas ar an lá seo na mioneachtraí cuirfear áthas air agus feicfidh sé an chloch thofa i lámha Zarubáibil.” “Is iad na seacht lampa seo súile an Tiarna a bhíonn ag breathnú uathu amach ar fud an domhain uile.”


Ach thogh Dia nithe díchéillí an tsaoil chun lucht na heagna a náiriú. Thogh Dia nithe laga an tsaoil chun na nithe láidre a náiriú.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí