Nihimiá 3:19 - An Bíobla Naofa 198119 taobh leis-sean rinne Éizir mac Iéisiúa, uachtarán Mhizpeá, stráice eile a dheisiú ar aghaidh ard na hArmlainne i dtreo na hUilleann. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)19 Agus láimh ris do leasuigh Eser mhac Iessua, úachdarán Mispa, píosa oile thall as coinne dhula súas go tigh na narm ar chasadh an bhalla, Féach an chaibidil |
Sealúm mac Chol Hoize, uachtarán dhúiche Mhizpeá, dheisigh sé Geata an Tobair; d'athchóirigh sé é, chumhdaigh é, agus ghreamaigh a chomhlaí, a bholtaí agus a bharraí. D'atóg sé chomh maith balla Linn na Canálach le hais ghairdín an rí, chomh fada ar aghaidh leis na céimeanna anuas ó dhúnfort Dháiví.