Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Nihimiá 2:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 agus dúirt mé leis an rí: “Gura fada buan an rí! Cén fáth nach mbeadh aghaidh bhrónach orm nuair atá conamar déanta den chathair mar a bhfuil mo shinsir curtha agus a geataí loiscthe le tine?”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Agus a dubhairt mé ris an rígh, Go mairidh an rígh go bráth: cred as nach bíadh mo ghnúis dubhach, a nuáir go bhfuil an chathair, áit adhlaicthe maithreadh, fásfholumh, agus a geatadha loisge le teine?

Féach an chaibidil Cóip




Nihimiá 2:3
21 Tagairtí Cros  

Ansin chrom Baitseaba chun talún in ómós don rí: “Go maire mo thiarna Dáiví rí, go brách,” ar sí.


Sa chúigiú mí, ar an seachtú lá den mhí - ba í an naoú bliain déag í de réimeas Nabúcadnazar rí na Bablóine - tháinig Nabúzaradán, captaen an gharda, oifigeach de chuid rí na Bablóine, isteach in Iarúsailéim.


Bhí sé dhá bhliain déag ar fhichid nuair a tháinig sé i gcoróin agus bhí sé ocht mbliana i gcoróin in Iarúsailéim. D'imigh sé ar shlí na fírinne gan aon duine á chaoineadh agus chuireadar é i gcathair Dháiví, cé nárbh i dtuamaí na ríthe é.


Ansin chuaigh Áchaz chun suain lena shinsir agus adhlacadh é sa chathair, in Iarúsailéim, cé nár cuireadh é i dtuamaí ríthe Iosrael. Tháinig a mhac Hiziciá i gcomharbacht air.


Ansin chuaigh Hiziciá chun suain lena shinsir agus chuireadar é ar an ard ar an tslí suas go tuamaí mhic Dháiví. Thug Iúdá go léir agus áitritheoirí Iarúsailéim onóir dó ina thórramh. Agus tháinig Manaise a mhac i gcomharbacht air.


Loisceadar Teampall Dé, agus réab siad ballaí Iarúsailéim, agus chuir siad a páláis go léir trí thine, agus mhill siad a soithí luachmhara go léir.


“An mhuintir a tháinig slan ón deoraíocht,” d'fhreagair siad, “agus atá ar ais ansiúd sa chúige, tá siad i gcruatan agus faoi leatrom náireach, tá ballaí Iarúsailéim ar lár agus a geataí loiscthe ag tine.”


Ghabhas Geata an Ghleanna amach dá bhrí sin agus thar Thobar an Dragúin go dtí Geata an Aoiligh. Rinne mé ballaí Iarúsailéim [agus na bearnaí iontu] a iniúchadh, agus, chomh maith, a geataí dóite.


Éireoidh tú agus déanfaidh tú trócaire ar Shíón, óir is mithid duit trua a dhéanamh di, toisc gur tháinig a hionú isteach.


Óir tugann do sheirbhísigh taitneamh dá clocha; agus is trua leo fiú amháin a fothracha.


Go gceanglaí mo theanga de mo charball, mura gcuimhním ort, mura gcuire mé Iarúsailéim mar bharr m'aoibhnis uile.


Tá mé crom; tá mé craptha go dearfa; triallaim timpeall go dobrónach ar feadh an lae.


Sa chúigiú mí ar an deichiú lá den mhí - ba í an naoú bliain déag í de réimeas Nabúcadnazar rí na Bablóine - tháinig Nabúzaradán, captaen an gharda, oifigeach de chuid rí na Bablóine, isteach in Iarúsailéim.


Tá a geataí sáite sa talamh; mar réab sé agus bhris sé a mbarraí; tá a rí agus a flatha i measc na náisiún agus níl aon dlí ann níos mó; go fiú ní bhfaigheann a cuid fáithe aon fhís ar bith ón Tiarna.


Fágfaidh mé bhur gcathracha ina bhfothracha; scartálfaidh mé bhur sanctóirí; ní bholóidh mé cumhracht libh a thaitneoidh liom.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí