Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Nihimiá 2:3 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Agus a dubhairt mé ris an rígh, Go mairidh an rígh go bráth: cred as nach bíadh mo ghnúis dubhach, a nuáir go bhfuil an chathair, áit adhlaicthe maithreadh, fásfholumh, agus a geatadha loisge le teine?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

3 agus dúirt mé leis an rí: “Gura fada buan an rí! Cén fáth nach mbeadh aghaidh bhrónach orm nuair atá conamar déanta den chathair mar a bhfuil mo shinsir curtha agus a geataí loiscthe le tine?”

Féach an chaibidil Cóip




Nihimiá 2:3
21 Tagairtí Cros  

Annsin do chrom Bat‐séba lé na gnúis chum na talmhan, agus do rinne sí umhla don rígh, agus a dubhairt, Go mairigh mo thighearna Dáibhi rígh go síorruidhe.


¶ Agus annsa ccuigeadh mí, ar an seachdmhadh lá don mhí, (noch ar bhí sin an naomhadh blíadhuin déug do Nebuchadnessar rígh na Babilóine), thainic Nebusar‐adan, caiptín an ghárda, searbhfhoghantuigh do rígh na Babilóine, go Hierusalem:


Do budh dhá bhliadhuín déag ar fhithchid a aois a núair do thosuigh sé a ríghe, agus do bhí na rígh an Ierusalem ocht mbliadhna, agus dimthigh sé gan íarruidh air. Acht cheana do adhlaiceadar é a ccathruigh Dháibhí, gidheadh ní a ttúamaibh na ríogh.


Agus do choduil Ahas agá aithribh, agus do adhlaiceadar é annsa chathruigh, eadhon ann Ierusalem: acht ní thugadar é go túama ríogh Israel: agus do ríoghuidh Heseciah a mhac iona áit.


Agus do choduil Heseciah agá aithribh, agus do adhlaiceadar é annsa túama dob onoruigh ag macaibh Dháibhi: agus do rinne Iúdah uile agus áitreabhuigh Ierusalem onóir dhó a nam a bháis. Agus do ríoghuidh Manasseh a mhac ióna áit.


Agus do loisgeadar tigh Dé, agus do bhriseadar síos balladha Ierusalem, agus do loisgeadar a phaláis uile lé teine, agus do mhilleadar a ráibh do shoithighibh maithe ann.


Agus a dubhradar riom, An fuighioll do fágbhadh do na braighdibh anusin ansa bprobhins atáid a mbuáidhreadh mhór agus a míochlú: do briseadh sios balladha Ierusalem mar an gcéadna, agus do loisgeadh a geatadh le teine.


Agus do chúaidh mé amach san noidhche ag geata an ghleanna, eadhon as coinne thobair an draguin, agus láimh ris an bport aoiligh, agus do mheas mé balladha Ierusalem, noch do bhriseadh síos, agus a geatadha do bhí ar na losgadh re teine.


Oír ciondus fhéaduimsi fulang an tolc noch thiucfas ar mo dhaóinibh dfaicsin? nó ciondus fhéaduim scrios mo chinidh dfaicsin?


Oír atá dúll ag do sheirbhíseachaibh iona clochaibh, agus do níd truáighe dá luáithreadh.


Ionnus go mbía eagla air na geintibh roimhe ainm an TIGHEARNA, agus air uile ríghthibh na talmhan roimhe do ghlóir.


Ceangladh mo theanga dúachtar mo bhéil, muna ccuimhnighe mé ortsa; muna ttogfa mé Ierusalem ós cionn mullaigh mo shóláis.


Oír atáid mo shlíasta dá losgadh; agus ní bhfuil falláine ar bith ann mfeóil.


¶ Annois annsa chúigeadh mí, annsa deachmhadh lá don mhí, do bé sin an náomhadh blíadhain déag do Nebuchadressar rígh na Babilóine, tháinic Nebusaradan, caiptín an ghárda, noch do fhriothoil do rígh na Babilóine, go Hierusalem,


Do sluigeadh a geatadha annsa talamh; do aidhmhill se agus do bhris se a barradha: agus atáid a rígh agus a prionnsadha a measc na Ngeinteadh: ní bhfuil dligheadh ann ní sa mhó; ní fhaicid a fáighe fós fis ar bith ón TTIGHEARNA.


Annsin do labhair na Caldeánuigh ris an rígh a Síriac, A rígh, mair go bráth; innis dot sheirbhiseachuibh a naisling, agus foillseochaimne an chíall duit.


Do labhradar agus a dubhradar ris an rígh Nebuchadnessar, A rígh, mair go brath.


¶ Anois tháinic an bhainríoghan do bhrigh bhríathar an rígh agus a thighearnadh go tigh na fleidhe: agus do labhair an bhainríoghan agus a dubhairt, A rígh, mair go bráth: ná buáidhreadh do smuáintighthe thú, agus ná háthruigheadh do ghnúis:


Annsin a dubhairt Dániel ris an rígh, A rígh, mair go bráth.


Annsin do chruinnigheadar na húachdaráinsi agus na prionnsadha a ccionn a chéile a lathair an rígh, agus a dubhradar marso ris, A rígh Dárius, mair go bráth.


Agus do dhéana mé bhur gcaith reacha na bhfásách, agus do bhéura mé bhur sanctóra chum uáíguis, agus ní bhoiltneacha me boladh bhur mboltanuis ndeaghbholuidh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí