Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Nihimiá 2:14 - An Bíobla Naofa 1981

14 Chuaigh mé ar aghaidh ansin go dtí Geata an Tobair agus go Linn an Rí, ach ní raibh bealach do mo bheithíoch iompair thairis sin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

14 Annsin do chúaidh mé romham go geata an tobair, agus go lochán an rígh: acht ní raibh slighe ar bith ag an mbeitheach do bhí fúm a rachadh sé thairis.

Féach an chaibidil Cóip




Nihimiá 2:14
7 Tagairtí Cros  

Chuir rí na hAsaíre an priomhchornaire (an ceann feadhna agus an príomhchoillteán) agus slua mór ó Láicís go Hiziciá rí in Iarúsailéim. Ghabh sé suas go Iarúsailéim agus nuair a tháinig sé ansiúd, sheas sé taobh le sileán na linne uachtair atá ar an mbóthar go Gort an Úcaire.


An chuid eile de stair Hiziciá, a chrógacht go léir, conas mar a thóg sé an linn agus an tollán leis an uisce a thabhairt isteach sa chathair, nach bhfuil sé sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iúdá?


Ba é an Hiziciá céanna seo a dhún béal uachtair thobar Ghíohón agus a threoraigh an t‑uisce síos laistiar de chathair Dháiví. Bhí rith an ráis le Hiziciá.


lena ghaolta Seamaiá, Azarael, Milealaí, Gilealaí, Mái, Natanael, Iúdá, Hanáiní, agus uirlisí ceoil Dháiví, giolla Dé, á n‑iompar acu. Shiúil Eazrá rompu amach.


Sealúm mac Chol Hoize, uachtarán dhúiche Mhizpeá, dheisigh sé Geata an Tobair; d'athchóirigh sé é, chumhdaigh é, agus ghreamaigh a chomhlaí, a bholtaí agus a bharraí. D'atóg sé chomh maith balla Linn na Canálach le hais ghairdín an rí, chomh fada ar aghaidh leis na céimeanna anuas ó dhúnfort Dháiví.


Nihimiá mac Azbúc, uachtarán leath dhúiche Bhéit Zúr, rinne sé deisiú chomh fada leis an mball ar aghaidh thuamaí Dháiví, na linne tacair, agus Theach na Laoch;


Rinne mé linnte uisce chun fáschoill de chrainn óga a uisciú.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí