Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Nihimiá 2:13 - An Bíobla Naofa 1981

13 Ghabhas Geata an Ghleanna amach dá bhrí sin agus thar Thobar an Dragúin go dtí Geata an Aoiligh. Rinne mé ballaí Iarúsailéim [agus na bearnaí iontu] a iniúchadh, agus, chomh maith, a geataí dóite.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

13 Agus do chúaidh mé amach san noidhche ag geata an ghleanna, eadhon as coinne thobair an draguin, agus láimh ris an bport aoiligh, agus do mheas mé balladha Ierusalem, noch do bhriseadh síos, agus a geatadha do bhí ar na losgadh re teine.

Féach an chaibidil Cóip




Nihimiá 2:13
9 Tagairtí Cros  

Thóg Uiziá túir in Iarúsailéim ag Geata an Chúinne, ag Geata an Ghleanna, agus ag an Uillinn, agus dhaingnigh sé iad.


“An mhuintir a tháinig slan ón deoraíocht,” d'fhreagair siad, “agus atá ar ais ansiúd sa chúige, tá siad i gcruatan agus faoi leatrom náireach, tá ballaí Iarúsailéim ar lár agus a geataí loiscthe ag tine.”


Rinne na sagairt agus na Léivítigh iad féin a ghlanadh, ansin an pobal, na geataí agus an balla.


Ansin d'éirigh mé san oíche, mé féin agus cúpla fear eile, agus gan é ráite agam le haon duine cad a bhuail Dia isteach i mo chroí a dhéanamh ar mhaithe le Iarúsailéim, agus gan agam d'ainmhithe ach an beithíoch a bhí do m'iompar.


Ansin san oíche ghabh mé an gleann suas agus mé ag iniúchadh an bhalla agus chas mé ar ais agus Geata an Ghleanna isteach arís, agus d'fhill mé mar sin.


Dúirt mé leo ansin: “Feiceann sibh an cruachás ina bhfuilimid: tá Iarúsailéim ar lár agus a geataí dóite. Téanaigí, tógaimis ballaí Iarúsailéim agus ná bímis faoi náire mar seo a thuilleadh.”


agus dúirt mé leis an rí: “Gura fada buan an rí! Cén fáth nach mbeadh aghaidh bhrónach orm nuair atá conamar déanta den chathair mar a bhfuil mo shinsir curtha agus a geataí loiscthe le tine?”


Dreapaigí suas ar a sraitheanna: Scriosaigí! Críochnaígí ar fad í! Bainigí anuas di a briongláin, ní leis an Tiarna iad.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí