Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Nihimiá 12:35 - An Bíobla Naofa 1981

35 Iúdá, Miniáimín, Seamaiá agus Irimia;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

35 Agus cuid áirigh do mhacaibh na sagart, go na ttrumpadhuibh; Sechariah mhac Ionatan, mhic Semaiah, mhic Mattaniah, mhic Michaiáh, mhic Saccur, mhic Asaph:

Féach an chaibidil Cóip




Nihimiá 12:35
10 Tagairtí Cros  

De chlann Ásáf: Zacúr, Iósaef, Natainiá, Aisearaelá. Bhí clann Ásáf faoi threoir Ásáf, a rinne fáidheoireacht faoi threoir an rí.


Féach, tá an Tiarna linn, ar ár dtosach againn; féach a shagairt leis na stoic ar tí iad a shéideadh leis an ngáir chatha a chur suas i bhur n‑aghaidh. A chlann Iosrael, ná troidigí in aghaidh an Tiarna, Dia ár sinsear, mar ní rithfidh libh.”


Na cantairí Léivíteacha go léir, Ásáf, Héamán, Iadútún, agus a gclann mhac agus a ndeartháireacha, sheas siad lastoir den altóir, agus iad gléasta i línéadach mín ag seinm ciombal, cláirseach agus cruiteanna, agus céad agus a fiche sagart ag comhsheinm leo ar an stoc.


Matainiá mac Mhíceá, mac Zaibdí, mac Ásáf, a bhí i bhfeighil na n‑iomann agus a chuir ceann ar an ngníomh buíochais san urnaí, agus Bacbuiciá an tánaiste ar a ghaolta; agus Abdá mac Sheamúa, mac Ghálál, mac Iadútún.


agus Azairiá, Eazrá, Misiulám,


buíon iadsan a roghnaíodh ó na sagairt agus bhí stoic á n‑iompar acu; ansin Zacairiá mac Iónátán, mac Sheamaiá, mac Mhatainiá, mac Mhíocáiá, mac Zacúr, mac Ásáf,


Iompróidh mórsheisear sagart seacht dtrumpaí d'adharca reithe os comhair na háirce; ar an seachtú lá máirseálfaidh sibh timpeall na cathrach seacht n‑uaire agus séidfidh na sagairt na trumpaí.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí