Nihimiá 1:2 - An Bíobla Naofa 19812 tháinig chugam duine de mo ghaolta, Hanáiní, le daoine áirithe ó Iúdá. Chuir mé ceist orthu i dtaobh na nGiúdach, an t‑iarmhar a fuasclaíodh ó dheoraíocht, agus i dtaobh Iarúsailéim. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)2 Go ttáinic Hánani, áon dom dhearbhraithribh, é féin, agus daóine áirigh do Iúdah; agus dfíafruigh misi dhíobh do thaoibh na Níuduigheadh do chuáidh as, noch do fágbhadh do na daóirsineachaibh, agus a ttaobh Ierusalem. Féach an chaibidil |
Ansin cuimhneoidh siadsan a d'éalaigh ormsa, agus iad ar díbirt i measc na gciníocha. Mar beidh a gcroí a chuaigh ar seachrán uaim go macnasach [briste agam]; beidh a súile a théann go striapúil i ndiaidh a n‑íol dallta agam; agus ar fhéachaint orthu féin dóibh beidh gráin acu orthu mar gheall ar an olc a rinne siad, mar gheall ar a n‑uafáis go léir.