Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Nahum 3:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 Eachra ag ionsaí, claimhte ag bladhmadh, sleánna ag drithliú... sluaite gonta, na mílte marbh, coirp gan áireamh a bhaineann tuisle as cách!

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Tógbhuidh an marcach súas aráon an cloidheamh loinnreach agus an gath tonnach, agus atá iomad do dhaóinibh marbha, agus úibhir mhór chorp; agus ní bhfuil críoch air a ttaisighibh; tuislíghid air a ccorpuibh:

Féach an chaibidil Cóip




Nahum 3:3
10 Tagairtí Cros  

Dhíbir sé an duine, más ea, agus chuir sé na ceiribíní agus claíomh lasrach ag síorchasadh, os comhair ghairdín Éidin chun an tslí go crann na beatha a chosaint.


An oíche cheannann chéanna ghabh aingeal an Tiarna amach agus bhásaigh sé céad agus a hochtó cúig míle fear i gcampa na nAsaíreach. Go moch lá arna mhárach nuair a bhí sé in am éirí, b'shiúd ansin iad go léir faon marbh.


Tá a gcuid marbhán á gcartadh amach, agus boladh ag éirí óna gcoirp; tá a gcuid fola ina slaoda ar na sléibhte;


An oíche chéanna sin, chuaigh aingeal an Tiarna amach agus bhuail sé céad agus a hochtó cúig míle fear i gcampa na nAsaíreach. Tráth dúiseachta ar maidin, bhí siad go léir sínte marbh.


Mar tá an Tiarna chun breith a thabhairt le tine, chun an cine daonna a chiontú lena chlaíomh, agus marófar mórán leis an Tiarna.


Marófar thú ar shléibhte Iosrael, tú féin, do shlua uile agus na ciníocha leat. Tabharfaidh mé suas mar bhia thú d'éin chreiche de gach sórt agus d'ainmhithe allta.


Titfidh siad muin mairc a chéile faoi mar bheidís ag teitheadh ó chlaíomh, ach gan aon tóir orthu. Ní bheidh sé de chumas ionaibh seasamh in aghaidh bhur naimhde.


Tá sciatha a laochra dearg agus tá a shaighdiúirí faoi éide chraorag. Tá cruach na gcarbad ag spréacharnach mar thine agus iad á gcur in eagar catha; tá flosc chun troda ar an eachra.


Fanann an ghrian agus an ghealach ina n‑áitreabh ó sholas do shaighead eitilte agus ó loinnir do ghathanna ruithnigh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí