Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Nahum 3:18 - An Bíobla Naofa 1981

18 Faraor! Cad é mar a chodlaíonn do chuid aoirí, (a rí na hAsaíre)! Cad é mar atá do laochra i dtoirchim suain! Tá do mhuintir scaipthe ar na sléibhte agus níl aon duine ann chun iad a chruinniú arís.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

18 Néullfartaighid háodhaireadha, a rígh na Hassíria: béid húaisle na ttochd: do scabadh do dhaóine air na sléibhtibh, agus ní chruinnighionn duine ar bioth íad.

Féach an chaibidil Cóip




Nahum 3:18
13 Tagairtí Cros  

Ansin labhair Míocáia: “Chonaic mé Iosrael go léir scáinte ar na sléibhte, mar chaoirigh gan aoire. Agus dúirt an Tiarna: ‘Níl máistir orthu seo; téadh gach duine abhaile faoi shíocháin.’ ”


Tháinig scéin agus scanradh orthu; mar gur thréan í do lámh, bhíodar gan cor astu dála na cloiche; go ndeachaigh do phobal thar bráid, a Thiarna; go ndeachaigh an pobal a d'fhuascail tú thar bráid.


Ansin, mar a bheadh fia á sheilg, mar a bheadh tréad caorach gan duine lena locadh, tabharfaidh gach aon a aghaidh ar a mhuintir féin, agus teithfidh chun a dhúiche féin.


Síos leat! Buail fút sa láib, a mhaighdean, a iníon na Bablóine! Anuas leat ó do chathaoir ríoga agus suigh ar an talamh, a iníon na gCaildéach! Óir ní thabharfar ort níos mó maoth ná muirneach.


Uime sin - mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael: Anois smachtóidh mise rí na Bablóine mar a smachtaigh mé rí na hAsaíre.


An bhfuil fiabhras orthu? Ullmhóidh mise deoch dóibh agus tabharfaidh orthu a ól nó go dtiocfaidh orthu míogarnach agus codlóidh siad go síoraí, ní mhúsclóidh siad go deo - an Tiarna a labhraíonn.


“Tabharfaidh mé ar a huaisle agus ar a saoithe ól, ar a rialtóirí a feidhmeannaigh agus ar a fir troda; titfidh codladh síoraí orthu agus ní mhúsclóidh siad, a deir an rí, darb ainm Tiarna na Slua.”


Ansin, ríthe an domhain, agus na maithe móra, agus na cinn feadhma, lucht an tsaibhris agus an nirt, agus gach daor agus saor, chuaigh siad i bhfolach i bpluaiseanna agus i measc carraigeacha na gcnoc,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí