Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Nahum 3:10 - An Bíobla Naofa 1981

10 Ach ina dhiaidh sin féin tugadh chun siuíl í; d'imigh sí léi i mbraighdeanas; rinneadh deargár ar a páistí chomh maith ag cúinní na sráideanna uile; cuireadh a daoine uaisle ar chrainn agus ceanglaíodh a fir cháiliúla le slabhraí.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 Thairis so rugadh ar siubhal í, do chuáidh sí a mbraighdionas: do rinneadh fós sligreach da cloinn óig a mullach na sráideann uile: agus do theilgiodar cranchar air a daóinibh onóracha, agus do ceangladh a daoine móra uile a ngéibhionuibh.

Féach an chaibidil Cóip




Nahum 3:10
17 Tagairtí Cros  

“Cén fáth,” arsa Hazáéil, “go bhfuil mo thiarna ag gol?” D'fhreagair sé: “Mar go bhfuil a fhios agam an urchóid a dhéanfaidh tú do chlann Iosrael; cuirfidh tú a ndaingin trí thine, cuirfidh tú a n‑ógánaigh chun báis le rinn claímh, stollfaidh tú a leanaí ina ngeireacha, agus scoiltfidh tú broinn a mban torrach.”


Is gearr go mbeidh an dílleachta á chur ar cranna agaibh, Agus bhur gcara á dhíol agaibh ina shladmhargadh.


A iníon na Bablóine, nach tú an scriosaire! Is méanar don té a dhíolfaidh leatsa na dochair a d'imir tú orainne -


an té a bhéarfaidh ar do leanaí á mbascadh in éadan na carraige!


D'fhonn a ríthe a cheangal i gcuibhreacha, agus a n‑uaisle i ngeimhleacha iarainn,


Bascfar a bpáistí os comhair a dhá súl, déanfar slad ar a dtithe agus éigean ar a mná.


Déanaigí olagón! óir tá sé i ngar, lá an Tiarna; tá sé chugaibh ina léirscrios ó Dhia na n‑uilechumhacht.


Tá mé chun an Éigipt a thabhairt isteach i lámha aintiarna, agus beidh réimeas ag rí danartha orthu. Seo é briathar Thiarna Dia na Slua.


is amhlaidh a dhéanfaidh rí na hAsaíre cimí na hÉigipte agus deoraithe Chúis a chinnireacht ar shiúl leis, idir óg agus aosta, tarnocht agus cosnocht agus másnocht.


Éirigh! Glaoigh amach san oíche i dtús gach seala faireacháin! lig do racht bróin amach mar thuile i láthair an Tiarna! Ardaigh chuige do lámha ar son bheatha do leanaí óga, (atá ag titim i laige le hocras ag béal gach uile shráide).


Ochón! Nach murtallach a d'éirigh an t‑ór! Cad é mar a d'athraigh an mínór agus mar atá clocha an tsanctóra scaipthe ag cúinne gach sráide!


Nuair a rug siad greim ort bhris tú ina lámha, agus réab a nguaillí uile; nuair a lig siad taca leat bhris tú arís agus chuir a leasracha ar crith.


Taispeánfaidh mé iontais sa spéir agus ar an talamh, fuil agus tine agus colúin deataigh.


Mar seo a deir an Tiarna: In éiric thrí pheaca chlann Amón, in éiric a gceithre pheaca, ní rachaidh mé siar ar mo dhaorbhreith. De bhrí gur scoilt siad mná Ghileád a bhí ag iompar clainne ionas go leathnóidís a gcríocha féin,


An lá a sheas tú i leataobh an lá a rug strainséirí a mhaoin leo, agus a ghabh coigríochaigh a gheataí isteach, agus a chuir siad Iarúsailéim ar chrainn, ba gheall le duine díobh thú.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí