Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Nahum 1:4 - An Bíobla Naofa 1981

4 Tugann sé iomardú don fharraige agus cuireann sé i ndísc í; triomaíonn sé na haibhneacha go léir. Tá Báiseán agus Cairmeil ag meathlú agus fásra na Liobáine ag feo.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Imdheargaidh sé a nfairge, agus do ní tirim í, agus tiormuighidh sé súas na srotha uile: anbhfainnigh Básan, agus Carmel, agus críonuidh bláth Lebanon.

Féach an chaibidil Cóip




Nahum 1:4
22 Tagairtí Cros  

Ach chuimhnigh Dia ar Naoi agus ar na hainmhithe go léir agus ar an eallach go léir a bhí fairis san áirc. Agus sheol Dia gaoth thar an talamh agus ceansaíodh na huiscí.


Nochtadh grinneall an bhfarraigí, agus bhí radharc ar mháithreacha na cruinne, de bharr bhagairt an Tiarna agus borradh ghal a pholláirí.


Agus dúirt mé: “An fad seo a thiocfaidh tú, ach gan teacht thairis seo; Anseo a theilgfear do thonnta uaibhreacha droim ar ais.”


Theith siad nuair a rinne tú a gcáineadh; ghabh eagla iad roimh thorann do thoirní.


Thug sé casaoid don Mhuir Rua agus thiormaigh sí; agus sheol sé trí na tonnta mar trí fhásach iad.


Chonaic an mhuir agus theith sí; agus chas an Iordáin ar ais.


Cad fáth, a mhuir, go dteitheann tú? Cad chuige duit, a Iordáin, casadh ar ais?


Bhí foinsí na farraige le feiceáil agus nochtadh fothaí na cruinne de thoradh do bhagartha, a Thiarna, de thoradh sí gaoithe do chuid feirge.


Is tú a chuir foinsí agus caisí ag brúchtaíl; is tú a dhiúg na haibhneacha tuilte.


Tá an tír ag mairgneach agus ag meath; tá an Liobáin feoite le náire. Is geall le gaineamhlach Seárón; tá Báiseán agus Cairmeil suaite lomtha.


Tá mé ag dul sléibhte agus cnocáin a chríonadh agus a nduilliúr ar fad a sheargadh; déanfaidh mé locháin dá n‑aibhneacha agus triomóidh mé a linnte go léir.


Is mise a deir leis an Aigéan: “Bí tirim! triomóidh mé do chuid sruthanna.”


An ea nach tusa a thriomaigh an fharraige, uiscí an Aigéin mhóir, chun bealach mór a dhéanamh as duibheagáin na farraige, le go bhféadfadh an dream a fuasclaíodh dul trasna?


Triomóidh mé aibhneacha na Níle, díolfaidh an fearann le sladaithe, bánóidh an fearann le sladaithe, bánóidh mé an tír agus a bhfuil inti le cuidiú na gcoimhthíoch. Mise, an Tiarna, a dúirt.


Éisc na farraige, éanlaith an aeir, ainmhithe an mhachaire, péisteanna na talún agus daoine uile an domhain, crithfidh siad i mo láthair. Leagfar na sléibhte, réabfar na hailteanna, titfidh gach balla go talamh.


Agus dúirt sé: Tá an Tiarna ag búiríl ó Shíón, ag labhairt os ard ó Iarúsailéim. Tá féarach na n‑aoirí ruadhóite, agus mullach Chairmeil ag feo.


Ba é a rinne an Phléadach agus Óiríon, a dhéanann solas de dhuibhe na hoíche agus a dhorchaíonn arís an lá, a ghaireann ar uiscí na farraige agus a dhoirteann amach iad ar dhromchla na talún; an Tiarna is ainm dó.


Dúirt sé leo: “Cén fáth a bhfuil eagla oraibh, a lucht an bheagán creidimh?” D'éirigh sé ina sheasamh ansin agus bhagair sé ar na gaotha agus ar an bhfarraige, agus bhí sé ina théigle mhór.


stad na huiscí uachtair go léir agus rinne meall mór díobh thar réimse mhór ó Adám, cathair atá lámh le Záratán; agus iad siúd a shníonn síos i dtreo Mhuir an Arabá, Muir an tSalainn sé sin, scaradh ar fad óna bhfoinsí iad. Ghabh an pobal thar abhainn os comhair Ireachó.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí