Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 26:55 - An Bíobla Naofa 1981

55 An uair sin féin dúirt Íosa leis na buíonta: “An robálaí mé gur ghluais sibh amach mar seo le claimhte agus le bataí chun breith orm? Bhínn i mo shuí sa Teampall gach lá ag teagasc agus ní dhearna sibh mé a ghabháil.”

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

55 San uair chéanna arsa Íosa leis na sluaite, “Ar tháinig sibh amach do mo ghabháil agus claímhte agus bataí agaibh, ionann is dá mbeadh sibh ag teacht amach in éadan bithiúnaigh éigin? Bhí mé i mo shuí ó lá go chéile sa teampall agus mé ag teagasc, agus gan sibh mé a ghabháil.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

55 San uair sin dubhairt Íosa leis na sluaighte: Tháinic sibh amach amhail chuig gadaidhe le claidhmhe agus bataí le breith orm; bhí mé mo shuidhe gach lá i bhur measc ag teagasc san teampall, agus ní rug sibh orm.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

55 Adubhairt Íosa an uair sin leis an sluagh, An le claidhmhtibh agus le bataibh thángabhar amach chum beirthe orm mar bhéadh bitheamhnach ann? Do bhíos im’ shuidhe sa teampall gach lá ag teagasc, agus ní rugabhar orm.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

55 A dubhairt Iósa ris an tslúagh a núairsin, Tangabhair a mach amhuil chum biothumhnaigh le cloidhmhe agus lé batuidhe dom ghlacadhsa? do bhínn am shuidhe gach áon lá eadruibh sa teampoll ag teagasg, agus ní rugabhair oram.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

55 An uair sin dubhairt Íosa leis an sluagh: Thánabhair amach chun beirthe orm, agus claidhmhte agus bataí agaibh, mar a thiocfadh sibh chun beirthe ar bhitheamhnach. Bhíos am’ shuidhe sa teampall gach lá ag teagasg i nbhúr measg, agus níor rugabhair orm.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

55 An uair sin féin dúirt Íosa leis na buíonta: “An robálaí mé gur ghluais sibh amach mar seo le claimhte agus le bataí chun breith orm? Bhínn i mo shuí sa Teampall gach lá ag teagasc agus ní dhearna sibh mé a ghabháil.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 26:55
15 Tagairtí Cros  

Bhí sé tar éis teacht isteach sa Teampall agus bhí sé ag teagasc nuair a tháinig uachtaráin na sagart agus seanóirí an phobail chuige agus dúirt siad: “Cén t‑údarás atá agat leis na nithe seo a dhéanamh, agus cé thug an t‑údarás sin duit?”


Sula raibh an focal as a bhéal, seo Iúdás, duine den dáréag, agus slua mór lena chois a raibh claimhte agus bataí acu, ag teacht ó uachtaráin na sagart agus ó sheanóirí an phobail.


Ar fhagáil na háite sin dó, tháinig sé go dtí críocha Iúdáia ar an taobh eile den Iordáin, agus chruinnigh sluaite móra chuige arís agus bhí sé á dteagasc arís mar ba ghnách leis.


Fad is a bhí Íosa ag teagasc sa Teampall d'fhreagair sé agus dúirt: “Conas is féidir leis na scríobhaithe a rá gur Mac do Dháiví an Críost?


Bhíodh sé ag teagasc gach lá sa Teampall. Bhí uachtaráin na sagart agus na scríobhaithe ag iarraidh é a mhilleadh, agus cinn an phobail chomh maith;


Aon lá amháin, agus é ag teagasc an phobail sa Teampall agus ag fógairt an dea-scéil, tháinig uachtaráin na sagart agus na scríobhaithe i láthair mar aon leis na seanóirí,


D'fhill sé an leabhar ina chéile, thug ar ais don seirbhíseach é, agus shuigh. Agus bhí súile a raibh sa tsionagóg dlúite air.


Nuair a bhí ceiliúradh na féile leath-thart, chuaigh Íosa suas isteach sa Teampall agus chrom ar theagasc.


Ghlaoigh Íosa ansin in ard a ghutha sa Teampall: “Tá aithne agaibh orm, más ea,” ar sé, “agus is eol daoibh cad as dom; agus ní uaim féin a tháinig mé; ach is fíor é an té a chuir uaidh mé, agus níl aithne agaibhse air.


Bhí sé ar an bhfód arís sa Teampall go moch ar maidin, agus tháinig na daoine go léir chuige agus shuigh sé síos agus thosaigh ar iad a theagasc.


Labhair sé na focail seo taobh leis an gciste agus é ag teagasc sa Teampall. Níor leag aon duine lámh air, mar ní raibh a uair tagtha fós.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí