Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 26:34 - An Bíobla Naofa 1981

34 Dúirt Íosa leis: “Deirim leat go fírinneach, roimh ghlaoch don choileach anocht féin, séanfaidh tú mé faoi thrí.”

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

34 Arsa Íosa leis, “Deirim i bhfírinne leat, an oíche seo féin, sula nglaonn an coileach, déanfaidh tú mé a shéanadh faoi thrí.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

34 Dubhairt Íosa leis: Amén adeirim leat, go séanfaidh tú mé trí h-uaire anocht féin sul a scairtidh an coileach.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

34 Adubhairt Íosa leis, Adeirim leat go fírinneach, sara nglaodhfaidh an coileach anocht féin, go séanfair mé fá thrí.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

34 A dubhairt Iósa risean, A deirim riot go fírinneach, Suil ghláoidhfeas an coileach a nochd, séanfa tú mé trí húaire.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

34 Dubhairt Íosa leis: Go deimhin adeirim leat, anocht féin, sar a nglaoidhfidh an coileach, séanfair-se mise trí h-uaire.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

34 Dúirt Íosa leis: “Deirim leat go fírinneach, roimh ghlaoch don choileach anocht féin, séanfaidh tú mé faoi thrí.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 26:34
7 Tagairtí Cros  

Dúirt Peadar leis á fhreagairt: “Siúd is go nglacfaidh cách eile scannal mar gheall ort, ní ghlacfaidh mise scannal choíche.”


Agus ba chuimhin le Peadar an focal a dúirt Íosa “Roimh ghlaoch don choileach, séanfaidh tú mé faoi thrí.” Agus chuagh amach agus ghoil sé go goirt.


Agus láithreach ghlaoigh an coileach den dara huair; agus ba chuimhin le Peadar an focal a dúirt Íosa leis: “Roimh ghlaoch don choileach faoi dhó, séanfaidh tú mé faoi thrí.” Agus bhris an gol air.


Ach dúirt sé: “Deirim leat, a Pheadair, ní ghlaofaidh an coileach inniu nó go mbeidh tusa tar éis a shéanadh faoi thrí go bhfuil aon aithne agat orm.”


Agus d'iompaigh an Tiarna agus bhreathnaigh ar Pheadar. Chuimhnigh Peadar ansin ar bhriathar an Tiarna, mar a dúirt sé leis: “Roimh ghlaoch don choileach inniu, séanfaidh tú mé faoi thrí.”


D'fhreagair Íosa: “An dtabharfaidh tú d'anam ar mo shon? Amen, Amen, a deirim leat ní ghlaofaidh an coileach sula séanfaidh tú mé trí huaire!


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí