Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 24:48 - An Bíobla Naofa 1981

48 Agus má deir an drochsheirbhíseach sin ina chroí: ‘Tá mo mháistir ag déanamh moille,’

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

48 Ach má deir an cneamhaire seirbhísigh úd ina intinn féin, ‘Tá moill ar mo mháistir,’

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

48 Acht má deir an droch-sheirbhíseach úd ina chroidhe: Tá mo thighearna ag déanamh moille de theacht,

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

48 Acht, má’s droch‐sheirbhíseach é, agus go n‐abrann sé ’n‐a chroidhe,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

48 Achd má a deir an drochshearbhfoghantuidhe úd anna chroidhe, A tá mo thighearna ag cur a theachda a righneas;

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

48 Ach má deir an droch-sheirbhíseach san ’n-a chroidhe féin: Tá mo thighearna ag déanamh ríghnis de teacht;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

48 Agus má deir an drochsheirbhíseach sin ina chroí: ‘Tá mo mháistir ag déanamh moille,’

Féach an chaibidil Cóip




Matha 24:48
18 Tagairtí Cros  

Ach dúirt Eilíseá leis: “Nach raibh mé ansiúd ó chroí nuair a d'fhág duine éigin a charbad le bualadh leat? [Os rud é gur] ghlac tú an t‑airgead, ní miste duit anois garraithe a [cheannach leis], agus gairdíní ológ, agus caoirigh, agus eallach, agus daoráin agus daoirseacha.


Is é an chúis a spreagtar an duine chun olc a dhéanamh, toisc nach gcuirtear daorbhreith i gcrích go luath ar dhrochbhearta;


Óir bíonn an t‑amadán ag stealladh amaidí agus a chroí ag meabhrú an oilc, chun an urchóid a chur i gcrích, chun labhairt go hiomrallach faoin Tiarna, chun an t‑ocrach a fhágáil agus a bholg folamh agus deoch a dhiúltú don té a bhfuil tart air.


“A mhic an duine, cad é an seanfhocal úd atá agaibh i dtír Iosrael a deir: ‘Éiríonn na laethanta fada agus tagann deireadh le gach fís’?


“A mhic an duine, féach, deir muintir Iosrael: ‘An fhís a fheiceann sé tá sí mórán laethanta uainn fós; tairngríonn sé faoi am i bhfad romhainn.’


Chuir an máistir fios air: ‘A sheirbhísigh mhallaithe,’ ar seisean, ‘mhaith mé féin duitse na fiacha úd ar fad mar go ndearna tú achainí orm.


Deirim libh go fírinneach, ceapfaidh sé os cionn a mhaoine go léir é.


agus go dtosóidh ag bualadh a chomhsheirbhíseach, agus é ag ithe agus ag ól le lucht meisce,


Dúirt a mháistir leis á fhreagairt: ‘Drochsheirbhíseach leisciúil thú! Bhí a fhios agat go mbainim fómhar san áit nár chuir mé síol agus go gcnuasaím as an áit nach ndearna mé scaipeadh:


Óir is ón taobh istigh, amach as croí na ndaoine, a thagann drochsmaointe, bearta drúise, gadaíochtaí, dúnmharuithe,


Ach má deir an seirbhíseach sin ina chroí: ‘Is é an teacht mall ag mo mháistir é,’ agus go dtosóidh ag bualadh na mbuachaillí aimsire agus na gcailíní, agus ag ithe agus ag ól agus ag meisceoireacht,


Dúirt sé leis: ‘Tabharfaidh mé breith do bhéil féin ort, a dhroch-sheirbhísigh! Bhí a fhios agat, an raibh, gur duine dian mé, ag glacadh chugam an rud nár chuir mé i dtaisce, agus ag baint an fhómhair nár chuir mé a shíol?


Le linn an tsuipéir agus tar éis don diabhal a chur ina chroí ag Iúdás, mac Shíomóin Isceiriót, go mbraithfeadh sé é -


Labhair Peadar leis: “A Anainias,” ar seisean, “cén fáth ar líon Sátan do chroí sa chaoi gur inis tú bréag don Spiorad Naomh agus cuid de luach na feirme a choinneáil agat féin.


Iompaigh dá bhrí sin ón urchóid seo agat agus iarr ar an Tiarna go maithfí duit an smaoineamh seo a theacht i do chroí.


Seachain agus ná scaoil an smaoineamh suarach seo isteach i do chroí, ‘Tá an seachtú bliain, bliain na fuascailte láimh linn,’ agus féachaint le doicheall ar do bhochtán bráthar agus gan aon ní a thabhairt dó, agus go nglaofadh sé ar an Tiarna i d'aghaidh, agus gur pheaca duit é.


Ná habair i do chroí tar éis don Tiarna do Dhia iad a dhíbirt romhat: ‘Is de bharr mo fhíréantachta féin a chuir an Tiarna i seilbh na tíre seo mé,’ tráth is gur de bharr a gcoirpeachta atá an Tiarna ag díbirt na gciníocha sin romhat.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí