Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 21:19 - An Bíobla Naofa 1981

19 agus nuair a chonaic sé crann fígí le hais an bhóthair, bhuail sé ina threo ach ní bhfuair air ach duilleoga. Agus dúirt sé leis: “Nár fhása aon toradh ortsa as seo amach go brách!” Agus shearg an crann fígí ar an mball.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

19 Agus chonaic sé crann fige ar thaobh an bhóthair agus chuaigh sé go dtí é, agus ní bhfuair air ach duilleoga amháin. Agus dúirt sé leis, “Nár thaga aon toradh uait arís choíche!” Agus feodh an crann fige ar an toirt.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

19 Agus nuair a chonnaic sé crann fíge i n-aice an bhóthair, tháinic sé chuige, acht ní fhuair sé dadamh air acht duilleogaí amháin, agus deir sé leis: Nár fhásaidh toradh ar bith ort a choidhche go bráthach. Agus smal an crann fíge láithreach.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

19 Agus ar fheicsin crainn fige dhó le cois an bhealaigh, tháinig sé chuige, agus ní fhuair sé aon rud air, acht duilleoga amháin; agus adubhairt sé leis,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

19 Agus a núair do chonnairc sé crann fige ar a tslighm táinic sé chuige, agus ní fhúair sé ní ar bith air, achd duilleabhar a mháin, agus a deir sé ris, Nar fhása toradh ó so amach go bráth ort, Agus chrión an crann fíge ar an mballsin.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

19 Agus chonaic sé crann fíge i n-aice an bhóthair, agus tháinig sé chuige, agus ní bhfuair sé aon nídh air ach duilleabhar, agus dubhairt sé leis: Nár fhásaidh toradh ar so amach go bráth ort-sa. Agus d’fheóch an crann fíge láithreach.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

19 agus nuair a chonaic sé crann figí le hais an bhóthair, bhuail sé ina threo ach ní bhfuair air ach duilleoga. Agus dúirt sé leis: “Nár fhása aon toradh ort-sa as seo amach go brách!” Agus shearg an crann figí ar an mball.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 21:19
17 Tagairtí Cros  

Rinne sé a romhar agus a ghlanadh ó chlocha, agus chuir sé togha na bhfíniúnacha ann, thóg sé túr faire ina lár, agus thochail cantaoir ann leis. Agus bhí sé ag dréim le caora fíona uaidh, ach thug sé fiachaora dó.


Ba mhaith liom dul a bhaint fómhair ann, a deir an Tiarna. Ach níl fíonchaora ar an bhfíniúin, ná figí ar an gcrann figí agus na duilleoga féin, tá siad feoite. Mar sin é óir thug mise sladairí orthu le slad a dhéanamh orthu.”


Chonaic na deisceabail é agus rinne siad ionadh de: “Cén chaoi,” ar siad, “ar shearg an crann fígí láithreach?”


Labhair sé leis an gcrann fígí: “As seo amach go brách nár ithe aon duine toradh uaitse,” ar sé. Agus chuala a dheisceabail é.


Ag gabháil thar bráid dóibh lá arna mhárach, chonaic siad an crann fígí seargtha óna fhréamhacha.


Anois féin, tá an tua le fréamh na gcrann, agus gach crann nach dtugann toradh fónta uaidh, gearrfar anuas agus caithfear sa tine é.”


Gach géag ionam nach dtugann toradh, bainfidh sé í; agus gach géag a thugann toradh, bearrfaidh sé í, ionas go dtabharfaidh sí breis toraidh.


Cibé nach bhfanfaidh ionamsa, caithfear amach é mar ghéag, agus feofaidh sé; agus tógfar agus caithfear sa tine iad, agus dófar iad.


Beidh comharthaí sóirt na cráifeachta acu, ach go mbeidh a brí séanta acu. Seachainse a leithéidí.


Maíonn siad go bhfuil aithne acu ar Dhia ach bréagnaíonn siad é lena ngníomhartha mar is daoine gráiniúla ceanndána iad agus gan d'acmhainn iontu rud ar bith fónta a dhéanamh.


Is geall le fochaisí iad in bhur bhfleánna cumainn, ag comhól go dána gan aire á tabhairt acu ach dóibh féin; is scamaill gan uisce iad, á scuabadh ar aghaidh ag gaotha; crainn gan toradh iad i ndeireadh an fhómhair, marbh faoi dhó, stoite ó fhréamh;


Fear na héagóra, déanadh sé éagóir fós; agus fear an striapachais, leanadh sé dá striapachas; fear na córa, cleachtadh sé an chóir fós; agus an naomh, leanadh sé dá naofacht.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí