Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 21:17 - An Bíobla Naofa 1981

17 D'éalaigh sé uathu, chuaigh amach as an gcathair go Béatáine agus thug sé an oíche ann.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

17 Agus dʼfhág sé iad, agus shiúil sé amach as an gcathair go Bétáin gur fhan an oíche ansin.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

17 Agus ghá bhfágáil dó, d’imthigh sé amach as an chathair go Betánia, agus d’fhan sé annsin.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

17 Agus d’fhág sé iad, agus do chuaidh sé amach as an gcathair go Bétánia, agus do chuir sé faoi annsin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

17 Agus ar na bhfágbháil, do chúaidh sé amach as an gcathraigh go Betánia; agus do fhan sé ann sin.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

17 Agus d’fhág sé iad, agus d’imthigh sé amach lasmuigh de’n chathair go Betánia; agus d’fhan sé ansan.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

17 Dʼéalaigh sé uathu, chuaigh amach as an gcathair go Béatáine agus thug sé an oíche ann.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 21:17
16 Tagairtí Cros  

Gabhsa rabhadh, a Iarúsailéim, ar eagla go n‑iompóinn uait, agus fásach a dhéanamh díot, tír gan áitritheoirí.


Go fiú má éiríonn leo a gclann a thógáil, bainfidh mise díobh iad roimh dóibh teacht in inmhe fir. Mairg dóibh go deimhin má thréigimse iad!


Drochghlúin adhaltrach agus í ag lorg comhartha, agus gan de chomhartha le tabhairt di ach comhartha Ióna” - a bhfágáil ansin agus ag imeacht leis.


Nuair a bhí Íosa i mBeátáine, i dteach Shíomóin, an lobhar,


Nuair a bhí siad ag teacht i ngar do Iarúsailéim, agus iad chomh fada le Béatfaigé agus Béatáine i dtreo Chnoc na nOlóg, chuir sé beirt dá dheisceabail uaidh,


Agus chuaigh sé isteach in Iarúsailéim, agus isteach sa Teampall. Bhreathnaigh sé ar gach ní ina thimpeall, ach ó bhí an déanaí ann cheana féin, chuaigh sé amach go Béatáine leis an dáréag.


Agus nuair a tháinig an tráthnóna d'imigh siad amach as an gcathair.


Nuair a bhí Íosa i mBeátáine, i dteach Shíomóin, an lobhar, agus é ag bord, tháinig bean le próicín alabastair d'ola nard dhílis mhórluaigh; bhris sí an próicín alabastair, agus dhoirt sí an ola ar a cheann.


Chuaigh Íosa i leataobh i dtreo na farraige, é féin agus a dheisceabail, agus lean slua mór ón nGailíl é - ó Iúdáia fós,


Sa tslí dóibh, tháinig sé isteach i mbaile áirithe, agus chuir bean darbh ainm Marta fáilte roimhe chun a tí.


Agus nuair a bhí sé ag teacht i ngar do Bhéatfaigé agus do Bhéatáine, i dtreo an chnoic ar a dtugtar Ola-Choill, chuir sé uaidh beirt de na deisceabail, ag rá:


Ansin sheol sé amach iad chomh fada le Béatáine, agus ag ardú a lámh dó, bheannaigh iad.


Bhí duine áirithe tinn, Lazaras ó Bheatáine, baile Mháire agus Mharta a deirfiúr.


Bhí Béatáine timpeall chúig staid déag ó Iarúsailéim.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí