Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 24:30 - An Bíobla Naofa 1981

30 Agus ansin, nuair a bhí sé ag bord in éineacht leo, thóg sé an t‑arán agus bheannaigh, bhris sé ansin agus thug dóibh é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

30 Nuair a shuigh sé ag aon bhord leo, ba é a ghlac an t‑arán agus a bheannaigh agus a bhris é gur thug dóibh é.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

30 Agus thárla, nuair a bhí sé ina shuidhe chun bídh ina gcuideachta, gur ghlac sé arán, agus bheannuigh, agus bhris agus thug dóibh é.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

30 Agus do chuaidh sé isteach ag fanamhain aca. Agus tharla, nuair do bhí sé ’n‐a shuidhe chum bidh ’n‐a bhfochair, gur thóg sé an t‐arán, agus gur bheannuigh sé é, agus gur bhris agus go dtug sé dhóibh é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

30 Agus tárla, an tan do chuidh sé chum bí na bhfochair, ar mbreith ar a narán; go rug sé buidheachas, agus ar na bhriseadh, tug sé dhóibhsion é.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

30 Agus do thárla, an fhaid a bhí sé ag caitheamh bídh ’n-a bhfochair, gur thóg sé arán, agus gur bheannuigh sé é agus gur bhris sé é, agus gur thug sé dhóibh é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

30 Agus ansin, nuair a bhí sé ag bord in éineacht leo, thóg sé an t-arán agus bheannaigh, bhris sé ansin agus thug dóibh é.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 24:30
14 Tagairtí Cros  

D'ordaigh sé do na sluaite luí fúthu ar an bhféar; thóg sé na cúig builíní agus an dá iasc, agus, ar dhearcadh suas chun na bhflaitheas dó, bheannaigh, bhris, agus thug na builíní do na deisceabail, agus thug na deisceabail do na sluaite iad.


agus thóg sé na seacht mbuilíní agus na héisc, d'altaigh, bhris agus thug do na deisceabail iad, agus thug na deisceabail do na sluaite iad.


Le linn dóibh bheith ag ithe, thóg Íosa arán, agus ar a bheannú dó, bhris, agus á thabhairt do na deisceabail dó, dúirt: “Tógaigí, ithigí: is é seo mo chorp.”


Le linn dóibh a bheith ag ithe, thóg Íosa arán, agus ar a bheannú dó, bhris agus thug dóibh é agus dúirt: “Tógaigí; is é seo mo chorp.”


Thóg sé na cúig builíní agus an dá iasc, agus, ar dhearcadh suas chun na bhflaitheas dó, bheannaigh sé agus bhris na builíní agus thug do na deisceabail iad chun go gcuirfidís os a gcomhair iad, agus roinn sé an dá iasc ar chách.


D'ordaigh sé don slua ligean fúthu ar an talamh, agus thóg sé na seacht mbuilíní, d'altaigh, bhris agus thug dá dheisceabail le cur os a gcomhair agus chuir siad os comhair an tslua iad,


Ansin, thóg sé arán, agus ar altú dó, bhris, agus thug dóibh é ag rá: “Is é seo mo chorp atá le tabhairt ar bhur son. Déanaigí é seo mar chuimhne orm.”


agus rinne siad tathant air á rá: “Fan againn, óir tá sé i mbéal tráthnóna agus an lá siar síos cheana féin.” Chuaigh sé isteach dá réir sin chun fanacht acu.


Agus rinne siad féin ar tharla sa tslí a aithris, agus mar a d'aithin siad é i mbriseadh an aráin.


Thóg sé na cúig builíní agus an dá iasc, agus, ar dhearcadh suas chun na bhflaitheas dó, bheannaigh iad agus bhris agus thug do na deisceabail iad le cur os comhair an tslua.


Agus thóg Íosa na builíní, d'altaigh, agus roinn iad ar na daoine agus iad ina suí; agus mar an gcéanna oiread agus a b'áil leo de na héisc.


Agus chloígh siad go daingean le teagasc na n‑aspal, le comaoin ar a chéile, le briseadh an aráin agus leis na hurnaithe.


Thagaidís le chéile in aon bhuíon sa Teampall gach lá ach bhrisidís arán i dtithe a chéile agus chaithidís a gcuid le chéile le móráthas agus le sástacht chroí


Tar éis na cainte sin thóg sé bollóg aráin, ghabh sé buíochas le Dia i bhfianaise chách, bhris an t‑arán agus chrom ar é a ithe.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí