Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 14:31 - An Bíobla Naofa 1981

31 Nó cén rí, agus é ag dul i ngleic cogaidh le rí eile, nach suífidh síos ar dtús ag déanamh comhairle, féachaint an bhféadfaidh sé dul, líon deich míle, faoina dhéin siúd atá ag déanamh air agus fiche míle aige?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

31 Nó cé an rí, atá le cogadh a chur ar rí eile, nach suíonn síos an chéad uair agus nach nglacann comhairle an féidir leis, nach bhfuil aige ach deich míle fear, aghaidh a thabhairt ar an té a thiocfas amach roimhe le fiche míle?

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

31 Nó cé’n rí ar tí cogadh a chur ar rígh eile, nach suidheann síos ar dtús a mhachtnamh, má’s féidir dó le deich míle dul i n-aghaidh an té a bhíos ag teacht d’ionnsaidhe air le fiche míle?

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

31 Nó cia h‐é an rí do bhéadh ag dul chum cogaidh le rí eile, nach suidhfidh síos ar dtús ag déanamh machtnaimh d’fhéachain an bhféadann sé le deich míle aghaidh do thabhairt ar an té atá ag teacht d’á ionnsaighe le fiche míle?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

31 Nó cia an rí rachadh do dhéanamh coguidh a naghaidh rígh eile, nach suidhfeadh ar tús, do dhéanamh comhairle nar bhéidir leis le deich míle teagmháil don té thig na aghaidh lé fichthe míle?

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

31 Nó cé h-é an rí a bheadh ag dul chun cogaidh a dheanamh le rí eile, ná suídhfeadh síos ar dtúis ag déanamh machtnaimh, féachaint ar bh’ fhéidir dó, le deich míle, seasamh i n-aghaidh an t-é atá ag teacht ’n-a choinnibh agus fiche míle aige?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

31 Nó cén rí, agus é ag dul i ngleic cogaidh le rí eile, nach suífidh síos ar dtús ag déanamh comhairle, féachaint an bhféadfaidh sé dul, líon deich míle, faoina dhéin siúd atá ag déanamh air agus fiche míle aige?

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 14:31
7 Tagairtí Cros  

Ach sé freagra a thug rí Iosrael air: “Sé deir [an seanfhocal]: ‘Ní don té a chuireann a éide chatha uime is dual maíomh, ach don té a bhaineann de í.’ ”


Táid i ngar dá chéile, I dtreo nach dtéann aer eatarthu.


Meáigh do bhearta i gcomhairle le daoine eile; agus fear cath le treoir chiallmhar.


ná sceith é go róthobann sa chúirt. Óir céard a dhéanfaidh tú ar deireadh má bhréagnaíonn do chomharsana thú?


‘Thosaigh an duine seo ag tógáil agus níor chumas dó é thabhairt chun críche!’


Agus mura bhféadann, le linn dó siúd bheith i bhfad uaidh, cuireann sé teachtaí chuige ag iarraidh coinníollacha síochána.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí