Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 14:19 - An Bíobla Naofa 1981

19 Dúirt duine eile: ‘Tá cúig cuingireacha damh ceannaithe agam, agus táim ag dul á dtriail; iarraim ort mo leithscéal a ghabháil.’

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

19 Agus dúirt an dara duine, ‘Tá cúig chuingir damh ceannaithe agam, agus caithfidh mé dul á bhféachaint; gabh mo leithscéal le do thoil.’

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

19 Agus dubhairt duine eile: Cheannuigh mé cúig chuingir damh, agus tá mé ag dul le h-iad d’fhéacháil; iarraim ort mo leithscéal a ghabháil.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

19 Agus adubhairt duine eile, Do cheannuigheas cúig cuingir damh, agus atáim ag dul g‐á dtriail: iarraim ort mo leithscéal do ghabháil.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

19 Agus a dubhairt fear eile, Do chéannaigh mécúig cuingealuigh do dhaimhuibh, agus atáim ag dul dá ndearbhadh íaruim ort gabh mo gabh mo leithssgéul.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

19 Agus dubhairt duine eile, Cheannuigheas chúig seisreacha damh, agus táim ag dul ’ghá dtriail: iarraim ort mo leathsgéal, a ghabháil.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

19 Dúirt duine eile: ‘Tá cúig chuingir damh ceannaithe agam, agus táim ag dul dá dtriail; iarraim ort mo leithscéal a ghabháil.’

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 14:19
2 Tagairtí Cros  

Agus thosaigh siad uile mar a chéile á leithscéalú féin. Dúirt an chéad duine leis: ‘Tá feirm ceannaithe agam, agus is éigean dom dul amach á feiceáil; iarraim ort mo leithscéal a ghabháil.’


Agus dúirt duine eile: ‘Táim tar éis pósta, agus dá bhrí sin ní fhéadaim dul.’


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí